Richard Wright

pianódóir agus seinnteoir méarchláir Sasanach

Pianódóir agus seinnteoir méarchláir Sasanach a bhí i Richard William "Rick" Wright (28 Iúil 1943 - 15 Meán Fómhair 2008), ar a bhfuil cáil dhomhanda mar gheall ar an tréimhse fhada a chaith sé ag seinm leis an mbanna mór le lá Pink Floyd.

Infotaula de personaRichard Wright

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Richard William Wright
28 Iúil 1943
Londain (an Ríocht Aontaithe)
Bás15 Meán Fómhair 2008
65 bliana d'aois
Londain (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Westminster
Haberdashers' Aske's Boys' School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, méarchláraí, cumadóir, pianódóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1962 –  2008
Ball de
Pink Floyd (1964–2008)
Sigma 6 Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac forásach, rac sícideileach, rac-ealaine, rac turgnamhach, ceol leictreonach, snagcheol, rac-cheol agus reigé
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisMéarchlár leictreonach, orgán, pianó, sintéiseoir, giotár, sacsafón, trombón agus ceol gutha
Lipéad ceoilEMI
Capitol Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJuliette Gale (1964–1982) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGala Wright Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrickwright.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0942739 IBDB: 84133
Musicbrainz: 6f7e36da-79d8-4219-990d-8e9224d04ebc Songkick: 62434 Discogs: 110861 Allmusic: mn0000292369 Find a Grave: 29816925 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Cé nach raibh sé chomh gníomhaí mar chumadóir is a bhí Syd Barrett, Roger Waters agus David Gilmour, chum sé cuid mhór den cheol ar na halbaim mhóra Meddle, Dark Side of the Moon, Wish You Were Here, agus chomh maith le sin The Division Bell, ceirnín deireanach an bhanna.

Ba chomhábhar bunúsach é obair mhéarchláir Wright i bhfuaim an bhanna, agus chuir sé a ghuth le hamhráin uaireanta chomh maith, beo ar an stáitse agus sa stiúideo, mar atá le cloisteáil ar na rianta "Time", "Echoes" agus "Astronomy Domine", a bhí cumtha ag Syd Barrett.

Cuireadh Wright as Pink Floyd sa bhliain 1981, nuair a bhíodar ag obair ar The Wall, tar éis fadhbanna ina shaol pearsanta agus teannas idir é féin agus Roger Waters, príomhchumadóir an bhanna ag an am.

 
2006

Tháinig Wright ar ais níos déanaí, nuair a d'fhág Waters féin, agus chuir sé tús le tréimhse nua rathúil ag comhoibriú le David Gilmour ar cheirníní nua de chuid Pink Floyd, The Division Bell ina measc. Ina dhiaidh sin, lean sé ag seinm le Gilmour ar saothar aonair an ghiotáraí idir 2002 agus a bhás.

Bás cuir in eagar

Trom ar an tobac, tháinig ailse scamhóg air. Fuair sé bás ar an 15 Meán Fómhair 2008, agus trí scór is cúig bliana bainte amach aige.

Tagairtí cuir in eagar