Robbie Keane

imreoir sacair Éireannach

Is imreoir sacair Éireannach é Robert "Robbie" David Keane (rugadh ar an 8 Iúil, 1980 é). As Tamhlacht, Baile Átha Cliath do Keane, agus tá sé ina chaptaen ar fhoireann Phoblacht na hÉireann. Imríonn sé mar thosaí le Los Angeles Galaxy, club de chuid Major League Soccer i Meiriceá. Tá na blianta fada caite aige ag imirt i bPríomhroinn Shasana, le clubanna amhail Tottenham Hotspur, Liverpool, Leeds agus Wolverhampton Wanderers. Is é Keane an scórálaí is mó riamh le foireann na hÉireann, an 9ú ceann is mó i stair Tottenham agus an 10ú ceann is mó i stair na Príomhranna Shasanaigh.

Infotaula de personaRobbie Keane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robert David Keane
8 Iúil 1980
43 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisBéarla, Béarla na hÉireann agus an Ghaeilge
Meáchan80 kg
Airde175 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbainisteoir sacair (2018–), imreoir sacair (–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1997 –  2018
TeangachaBéarla, Béarla na hÉireann agus an Ghaeilge
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana agus Major League Soccer
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Uimhir spóirt10
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1997–1999 Wolverhampton Wanderers Football Club 73(24)
1999–2000 Coventry City F.C. (en) Aistrigh 31(12)
2000–2001 Football Club Internazionale Milano 6(0)
2001–2001iasacht Leeds United Association Football Club 18(9)
2001–2002 Leeds United Association Football Club 28(4)
2002–2008 Tottenham Hotspur Football Club 197(80)
2008–2009 Liverpool Football Club 19(5)
2009–2011 Tottenham Hotspur Football Club 41(11)
2010–2010iasacht Celtic Football Club 16(12)
2011–2011iasacht West Ham United Football Club 9(2)
2011–2016 LA Galaxy (en) Aistrigh 125(83)
2012–2012iasacht Aston Villa Football Club 6(3)
2017–2018 ATK (football club) (en) Aistrigh 9(6) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1998–2016   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 146(68) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
2018–2018 ATK (football club) (en) Aistrigh
2023– Maccabi Tel Aviv F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2016UEFA Euro 2016
2012UEFA Euro 2012
2002Corn FIFA an Domhain 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Facebook: RobbieKeane Instagram: robbiekeane FIFA: 179102 UEFA: 31544 ESPNFC: 7832 Cuir in eagar ar Wikidata

Clubanna cuir in eagar

 
Keane i ndathanna Spurs

Thosaigh Keane ag imirt sacair le Crumlin United i mBaile Átha Cliath. Fuair sé tairiscintí ó Wolverhamptom Wanderers agus óna laochra Liverpool F.C., ach roghnaigh sé an club níos lú, agus é den tuairim go mbeadh deis imeartha níos mó aige le Wolves. Bhog sé go Sasana chun imirt leo ag aois cúig bliana déag, agus thosaigh sé ag imirt i bhfoireann na n-óg. D'éirigh Keane aníos go maith, agus bhris sé isteach sa chéad fhoireann agus é seacht mbliana d'aois. D'aimsigh sé dhá chúl ina chead chluiche gairmiúil ar an 9 Lúnasa 1997, agus a fhoireann ag fáil an lámh in uachtar ar Norwich City.

Bhí sár-bhliain ag Keane sa chéad séasúr eile 1998/99, agus chríochnaigh sé mar an scórálaí is mó le sé chúl déag. Thosaigh a chuid éachtaí ag dul go mór i bhfeidhm ar bhainisteoir na foirne Colin Lee agus ar na meáin. Ag an am seo, bhí tús curtha ag Keane lena ghairm idirnáisiúnta chomh maith, agus chuir na cúil a bhí á aimsiú aige leis an dá fhoireann a ainm i mbéal an phobail arís. Bhí suim léirithe ag cuid de na gclubanna ba mhó, agus bhí deacrachtaí airgeadais ag Wolves chomh maith. Ní raibh an dara rogha acu ach a n-imreoir ab fhearr a chur ar díol, le praghas ard.

Shínigh Keane conradh le Coventry City F.C., a bhí ag imirt sa Phríomhroinn, cúpla seachtain tar éis tús an tséasúir 1999/2000. Sé milliún punt ab ea luach an chonartha, an ceann ba mhó sa tír ag an am do dhéagóir. Bhí tréimhse ghearr ach an-rathúil aige le Coventry, agus é ag imirt le stíl ionsaitheach le imreoirí cruthaitheacha eile ar nós Carlton Palmer, Gary McAllister, Mustapha Hadji, Youssef Chippo agus Gavin Strachan. Bhí sé ag imirt ag barr a mhaitheasa, ag aimsiú an eangaigh go healaíonta agus ar bhonn rialta. Bhí sé ar dhuine de na peileadóirí ab ansa le lucht leanta na foirne gan mhoill. Níorbh fhada gur thosaigh na clubanna móra ag cur ceisteanna faoi arís, agus ghabh sé tairiscint ó Inter Milan. Ní mó ná sásta a bhí tacadóirí na foirne, a dhearbhaigh gurbh é díol Keane an rud a chur tús le ísliú Coventry ag deireadh na bliana.

Mar thoradh, theastaigh ó Marcello Lippi é a thabhairt go dtí an Iodáil, chun imirt lena fhoireann Internazionale. Thug Inter 13 milliún punt do Choventry, agus chuaigh Keane go dtí Milano chun imirt le Ronaldo, Christian Vieri, agus na himreoirí cáiliúla eile a bhí ann. Ní raibh an t-ádh le Keane an am seo áfach. Tar éis cúpla mí, chaill Lippi a phost, agus chaill Keane a áit san fhoireann nuair a tháinig an bainisteoir nua Marco Tardelli isteach.

Cuireadh Keane amach ar iasacht do Leeds United F.C., i Sasana, i Nollaig 2000. D'éirigh go maith leis le Leeds, agus d'aimsigh sé naoi gcúl ina chéad 14 chluiche. Cheannaigh an bainisteoir David O'Leary é i mí Bealtaine, 2001, ar 12 milliún. Tréimhse dheacair ab ea é don chlub, áfach, agus b'éigean dóibh imreoirí a dhíoladh mar gheall ar na fadhbanna airgeadais a bhí acu.

 
Keane ag tógáil chic pionóis i White Hart Lane

Thóg Glen Hoddle Keane go Tottenham Hotspur, i Londain sa bhliain 2002. Thosaigh Keane ag imirt go hiontach arís, agus bhuaigh sé an duais "imreoir na bliana" sa chlub faoi dhó. Shínigh Keane conradh nua le Tottenham i mí Márta, 2006.

Tar éis sé bliana le Spurs, bhog Keane go dtí Liverpool F.C. ar an 29 Iúil, 2008, an club a thacaigh sé mar bhuachaill óg. D'imir sé a chéad chluiche leo i gcoinne S.S. Lazio agus d'aimsigh sé a chéad chúl i gcoinne PSV Eindhoven ar an 1 Deireadh Fómhair 2008. Cé gur ghnóthaigh Keane seacht gcúl as seacht gcluiche déag, fágadh amach as an scuaid é cúpla uair, rud a chruthaigh ráflaí sna meáin ag rá nach raibh todhchaí aige ag an gclub. Nuair a tháinig Spurs ar ais ag cur ceisteanna faoi, d'fhill sé ar ais ar an gclub. Shínigh sé conradh nua leo ar an 2 Feabhra 2009, agus rinneadh leaschaptaen na foirne de. Cuireadh fáilte cheart roimhe ar ais chuig an gclub, ach níor shocraigh sé síos i gceart. Bhí Jermaine Defoe tagtha ar ais don chlub chomh maith, agus bhí an-iomaíocht idir eisean, Keane agus Peter Crouch chun áit rialta a fháil san fhoireann. Ábhar sóláis a bhí ann dó nuair a seoladh Keane amach ar iasacht leis na gCeiltigh in Albain ar an 1 Feabhra 2010. D'imir sé ag beagnach barr a mhaitheasa in Albain, agus roghnaithe mar imreoir na bliana.

Níor mhair an conradh iasachta leis na gCeiltigh ach go deireadh an tséasúir, agus d'fhill Keane taobh theas den teorann uair amháin eile. Cé nach raibh Spurs sásta é a fhágáil ó thuaidh, ní raibh siad in ann seans imeartha a thabhairt dó ach oiread. Ghlac siad iarratas iasachta ó West Ham United, agus d'fhan Keane anseo go deireadh na bliana. Cuireadh deireadh leis an gconradh áfach nuair a chlis West Ham ón Phríomhroinn.

Foireann náisiúnta cuir in eagar

Tá gairmréim fada agus rathúil caite ag Keane mar imreoir idirnáisiúnta. D'imir sé a chéad chluiche i gcoinne Phoblacht na Seice in Olomouc i mí Márta, 1998. Ghnóthaigh sé a chéad chúl i gcoinne Mhálta i mí Dheireadh Fómhair, sa bhliain chéanna. D'éirigh go maith leis i gCorn Sacair an Domhain sa bhliain 2002, le trí chúl i gceithre chluiche. Scóráil sé cúl an-tábhachtach sa chomórtas seo, ag deireadh an chluiche i gcoinne na Gearmáine.

Ag an am seo, tá níos mó cúil ag Keane ná aon pheileadóir eile san fhoireann náisiúnta. Tá daichead cúl aige sa lá atá inniu ann.

Saol pearsanta cuir in eagar

Phós Keane le Claudine Palmer, iar-iomaitheoir Miss Ireland ar an 7 Meitheamh 2008 i mBaile Breac, Baile Átha Cliath. Saolaíodh mac leo darbh ainm Robert Ronan Keane ar an 10 Bealtaine 2009.