Robert Capa

grianghrafadóir Meiriceánach

Grianghrafadóir agus fóta-iriseoir ab ea Robert Capa, nó Endre Ernő Friedmann. (22 Meán Fómhair 191325 Bealtaine 1954). Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.[1] Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.

Infotaula de personaRobert Capa

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(hu) Endre Ernő Friedmann
22 Deireadh Fómhair 1913
Búdaipeist (An Ostair-Ungáir)
Bás25 Bealtaine 1954
40 bliana d'aois
Thái Bình (French Indochina)
Siocair bháisBás tionóisceach (Pléascadh)
Áit adhlacthaAmawalk Hill Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Sperlinga
Iosrael
An Iodáil
Daon-Phoblacht na Síne
Barcelona
Búdaipeist
Páras
Beirlín
Castle of Sperlinga (en) Aistrigh
Vín
Thái Bình (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcomhfhreagraí cogaidh, iriseoir, scríbhneoir, fóta-iriseoir, grianghrafadóir, grianghrafadóir cogaidh, grianghrafadóir gairmiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1931 –  1954
SeánraEalaín fíortha
GluaiseachtRéalachas
Faoi thionchar
Ainm cleiteRobert Capa Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ungáiris
Gairm mhíleata
Brainse míleataFóta-iriseoireacht
CoinbhleachtCogadh Cathartha na Spáinne, Second Sino-Japanese War (en) Aistrigh, An Dara Cogadh Domhanda agus An Chéad Chogadh Ind-Síneach
Ghlac sé/sí páirt i
24 Meitheamh 1977Documenta 6
foto '37 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíGerda Taro Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDezsö Friedmann  agus Júlia
SiblínCornell Capa
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0134906 Musicbrainz: 31afb71e-bfdc-4efc-b735-de547402daf2 Find a Grave: 169 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
Capa and John Steinbeck, Feabhra 1948

Rugadh Endre Erno Friedmann i mBúdapeist sa bhliain 1913 de bhunadh Giúdach. Níos déanaí ghlac Friedmann an t-ainm Robert Capa chuige féin le bheith níos cosúla le hainm Meiriceánach.

Bhí suim aige i bpolaitíocht na tíre agus bhí sé gnóthach i bhfeachtas in éadan an rialtais ag an am – gníomh a spreag é chun an Ungáir a fhágáil le dul go Berlin agus ansin chuig an Fhrainc. Thosaigh sé amach ag iarraidh a bheith ina scríbneoir ach fuair sé obair i mBerlin mar grianghrafadóir agus thaitin an obair go mór leis.

Bhuail sé i bPáras leis an Ghiúdach mhná as an Pholainn, Gerda Taro, a bhí ar a coimeád ó na Naitsithe. Thosaigh caidreamh grámhar agus gairmiúil eatarthu. Thaistil an bheirt acu le chéile ag tógáíl grianghraf i dtíortha a bhí i gcoimhlint lena chéile.

Bhí Capa ar láthair chogaidh cúpla uair:

 
Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’

Ba chara Capa leis an scríbhneoir John Steinbeck agus thaisteal sé go dtí an Rúis ina chuideachta sa bhliain 1947. Tá pictiúir a ghlac sé le feiceáil sa chur síos greannmhar a scríobh Steinbeck faoin turas – A Russian Journal.

Sa bhliain 1947, bhunaigh Capa Magnum Photos le Henri Cartier- Bresson, William Vandivert, David Seymour agus George Rodger.

Bhí caidreamh ag Capa leis an aisteoir Hollywood Ingrid Bergman. Bhí sise ag iarraidh go bpósfadh siad, ach ní raibh Capa ag iarraidh bogadh go Hollywood. Bhunaigh Alfred Hitchcock, a scannán Rear Window ar chaidreamh míshocair na beirte.

 
Bayeux

D'éag Capa i mbun a gcuid oibre sa bhliain i1950 in iardheisceart na hÁise le linn an chogaidh san Ind-Sín.

Conspóid cuir in eagar

Tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.

Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl. Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ceamara a d’inis bréag?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-03.