Robert Falcon Scott

taiscéalaí Sasanach

Taiscéalaí an Antartaigh, a rugadh gar do Devonport, Shasana ab ea Robert Falcon Scott (6 Meitheamh 186829 Márta 1912).

Infotaula de personaRobert Falcon Scott

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meitheamh 1868
Plymouth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bási. 29 Márta 1912
43 bliana d'aois
Oighearchlár Ross Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Hipiteirme agus caiceicse)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síStubbington House School (en) Aistrigh (1880–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, scríbhneoir neamhfhicsin, oifigeach cabhlaigh, captaen Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1 Meitheamh 1910Terra Nova expedition (en) Aistrigh
1901Discovery Expedition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileKathleen Scott (1908–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePeter Scott Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Edward Scott  agus Hannah Cuming
Gradam a fuarthas
Síniú

Musicbrainz: cb40746b-637a-4a9b-a095-cccd0c3f113d Discogs: 1592542 Find a Grave: 2791 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuaigh Scott ar dhá thuras taiscéalaíochta go dtí an tAntartach.

An Chéad Turas 1901–1904 cuir in eagar

 
Scott in aois 13 dó, mar dhalta cabhlaigh

Nuair a shroich Scott agus a fhoireann an tAntartach, thóg siad bothán adhmaid ar cheann tíre carraigeach ar Oileán Ross.[1] Is ón gceann tíre sin a chuaigh grúpaí amach ag bailiú eolais faoin tír agus faoin dúlra. Ach reoigh an t-oighear timpeall ar a long, an Discovery le linn gheimhreadh na bliana 1902. Níor éirigh le foireann Scott í a scaoileadh saor ón oighear arís go dtí 1904.

An Dara Turas 1910–1913 cuir in eagar

Sa bhliain 1910, bhí sé i gceannas ar aistear don Mhol Theas. D’eagraigh Robert Scott turas eile go hAntartaice ar an long Terra Nova sa bhliain 1910. Ba é an aidhm a bhí aige an uair seo ná an Pol Theas a bhaint amach sula mbainfeadh aon duine eile amach é.

 
circa 1900

Chlis cuid den trealamh a bhí ag grúpa Scott agus cuireadh moill orthu. Thuig Scott nach raibh go leor bia acu chun an turas a chríochnú. B’éigean do chuid acu filleadh ar an bpríomhchampa, mar sin.

Ochtar a bhí fós sa ghrúpa nuair a bhí siad timpeall 240 km ón bPol Theas. Ansin, d’ordaigh Scott do Tom Crean agus do bheirt eile – Teddy Evans agus Bill Lashly – dul ar ais. Lean Scott féin agus ceathrar eile ar aghaidh.

Bás tragóideach cuir in eagar

Shroich na fir an Pol ar 17 Eanáir 1912 agus fuair siad amach go raibh an t-aistear Ioruach faoi Amundsen tar éis an Mol a bhaint amach cúig seachtaine roimhe sin.

Ag troid i gcoinne na drochaimsire ar feadh cúpla seachtaine, agus gan ach 11 míle ón ndídean a bhí fágtha dóibh, cailleadh an cúigear fear sa bhfuacht.[2][3]

 
Scott i 1911

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. forasnagaeilge.ie. "Féach thart - rang 6". Dáta rochtana: 2029.
  2. Hussey, Matt (2011). "Robert Falcon Scott". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
  3. John (2012-03-29). "Faoi Cheilt: Captaen Scott". Faoi Cheilt. Dáta rochtana: 2020-03-29.