Romain Rolland
údar Francach
Scríbhneoir, úrscéalaí, aistí agus paimfléadaí Francach ab ea Romain Rolland (1866 - 1944). Do rugadh é ar an 29ú lá d'Eanáir i gClamecy na Fraince agus do fuair sé bás ar an 30ú lá de mhí na Nollag i Vézelay na Fraince. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1915. Is iad an t-úrscéal il-imleabhar Jean-Christophe (1904-12)[1] agus Au-dessus de la mêlée (1914), alt a scríobh Rolland fén gCéad Chogadh Domhanda agus a fhoilsíodh sa Journal de Genève, an dá shaothar dá chuid atáid is iomráití.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Sa bhliain 1904 a fhoilsíodh an chéad imleabhar de Jean-Christophe. Foilsíodh an deichiú imleabhar, an ceann deireanach den úrscéal, sa bhliain 1912.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |