Is iasc peiligeach é an ronnach[1] (nó maicréal i gCúige Mumhan). Tá roinnt speiceas éagsúil den ronnach ann ach is é ronnach an Atlantaigh (Scomber scombrus) an ceann is coitianta a rugtar air timpeall chósta na hÉireann.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRonnach
Scomber scombrus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN170354 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdScombriformes
FineScombridae
TreibhScombrini
GéineasScomber
SpeiceasScomber scombrus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Tá ronnach an Atlantaigh coitianta ar an dá thaobh de thuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bíonn ráthanna ronnach an-choitianta gar don chósta i rith an tsamhraidh, áit a bhíonn siad á bheathú féin ar éisc bheaga.

Bia cuir in eagar

Tá tóir mhór ar an ronnach mar bhia. Tá blas láidir uaidh. Tá méid mór vitimín B12 agus Omega 3 ann i gcomparáid le bia eile. Neamhchosúil leis an Rí Ronnach agus an Ronnach Spáinneach, níl mórán meircair i Ronnach an Atlantaigh agus thig é a ithe dhá uair sa tseachtain de réir eolaithe.

  1. “Scomber scombrus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.