Caol na láimhe idir an rí is an lámh. Ar thaobh na rí de tá cinn íochtaracha an ulna is an gha a altann lena chéile agus, ar an taobh eile den rosta, le 4 chnámh charpach na láimhe. Déanann dhá líne cnámh carpach áirse a chumann cuid den tollán carpach a iompraíonn beagnach gach struchtúr a théann isteach sa lámh (na teannáin fhleisceacha fhada do na méara is an néaróg mheánach). Má tharlaíonn athlasadh taobh istigh den tollán, is féidir go gcuirfidh sé sin brú ar an néaróg mheánach, rud a lagóidh cuid de na matáin san ordóg is cuid de mhothú na méar (siondróm an tolláin charpaigh). Is féidir go dtarlóidh siomptóim chosúla do bhean go déanach le linn toirchis de bharr coinneáil uisce, rud a atann na truaillí gar do na teannáin is a chuireann brú ar an néaróg mheánach. Nuair a imíonn an t-athlasadh nó an t-at, tránn na siomptóim freisin.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtRosta
Sonraí
Laidincarpus
Cuid defree upper limb (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD014953
TAA01.1.00.026
FMA24922 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.327
EB Onlinescience/wrist-anatomy
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Rosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 568.