Ruaraidh MacThòmais

file Albanach

File cáiliúil Albanach ab ea an tOllamh Ruaraidh MacThòmais MA, BA, Dlitt, FRSE, FBA (5 Lúnasa, 1921 - 21 Márta, 2012) ar a dtugtar Derick S. Thomson i mBéarla. Ba as Eilean Leòdhais é ar dtús, ach chaith cuid mhaith dá shaol i nGlaschú, áit a raibh sé ina Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú 1963-1991. Chuir sé an chuideachta fhoilsitheoireachta Gairm, in éineacht lena hiris, a raibh ian thréimhseachán go hiomlán i Gaeilge na hAlban is faide ar siúl riamh, i gcló le breis agus caoga bliain faoina eagarthóireacht. Tá Gairm tar éis scor ó shin, agus ina háit tá Gath. Bhí sé ina Uachtarán Oinigh ar Leabharlann Filíochta na hAlban (Béarla: Scottish Poetry Library), agus ina Chomhalta de Chumann Ríoga Dhún Éideann (Béarla:The Royal Society of Edinburgh ) agus Acadamh na Breataine (Béarla: The British Academy). I Meitheamh 2007, fuair sé céim oinigh ó Ollscoil Ghlaschú.

Infotaula de personaRuaraidh MacThòmais
Beathaisnéis
Breith5 Lúnasa 1921
Steòrnabhagh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Márta 2012
90 bliana d'aois
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Obar Dheathain
Coláiste Emmanuel, Cambridge
Sgoil MhicNeacail Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScottish poetry (en) Aistrigh
Gairmstaraí, file, staraí liteartha, scríbhneoir, aistritheoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFilíocht
GluaiseachtAthbheochan na hAlban
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: e567ea15-6090-42f6-979c-5a9d7b00b8c3 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ba as Pabail Uarach, i Leòdhas ó dhúchas Ruaraidh MacThòmais, an áit chéanna a tháirgeadh dhá scríbhneoirí tábhachtacha Gaeilge eile: Iain Mac a' Ghobhainn agus an Dr. Anne C. Frater.