Úsáidtear an téarma séacla chun tagairt a dhéanamh do roinnt crústach deiceapódach, cé gur féidir leis na hainmhithe beachta a chlúdaítear a bheith éagsúil. Tríd is tríd, cuimsíonn séaclaí aon cheann de na grúpaí a bhfuil colainn fadaithe orthu agus an snámh mar phríomh-mhodh gluaiseachta — Caridea agus Dendrobranchiata go hiondúil. I roinnt réimsí, áfach, úsáidtear an téarma níos cúinge agus d'fhéadfadh sé a bheith teoranta do Caridea, do speicis níos lú de cheachtar ghrúpa nó do speicis mhuirí amháin. Faoin sainmhíniú níos leithne, d’fhéadfadh gurbh ionann an séacla agus cloicheáin, ag clúdach crústaigh snámha a bhfuil súile ar ghais orthu agus eireabaill mhóra chaola (abdómain), féasóga fada (aintéiní) agus cosa caola.[1] Is gnách go dtugtar cloicheán ar chrústach beag ar bith atá cosúil le séacla.[2] Snámhann siad ar aghaidh trí dul ag lapadaíl le snámhacháin ar an gcuid íochtair dá gcuid abdóman, cé go ndéantar a bhfreagra ar éalú trí roptha go mion minic a thabhairt dá eireaball ag tiomáint siar iad go han-tapa. Tá cosa siúil láidre ag portáin agus gliomaigh, ach tá cosa tanaí leochaileacha ag séaclaí a úsáideann siad go príomha le haghaidh seasaimh.[3]

An séacla Palaemon serratus den infriord Caridea

Tagairtí cuir in eagar

  1. Shrimp Encyclopædia Britannica. Aisghabháil 20 Lúnasa 2012.
  2. Rudloe & Rudloe (2009)
  3. Rudloe & Rudloe (2009), lgh. 15-26.