Séamus Mac Cártaigh

imreoir peil Ghaelach

Is peileadóir Ghaelach ó Bhaile Átha Cliath é Séamus Mac Cártaigh (James McCarthy sa Bhéarla). Imríonn sé le haghaidh Baile Átha Cliath agus Ciceam Bhaile Munna. Bhí Mac Cártaigh ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhain siad Craobh Laighean i 2012, 2013, 2014, 2015, 2016 agus 2017. Tá trí ghradam 'All Stars' buaite aige: 2014, 2017 agus 2018.

Infotaula de personaSéamus Mac Cártaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1990
34 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Chaoimhín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol go luath cuir in eagar

Bhí sé ina mhac léinn ag BNS an Chroí Ró-Naofa i mBaile Gall agus i gColáiste Chaoimhín i mBaile na nGall.

Gairm Bhaile Munna cuir in eagar

Tá dhá Chraobh Shinsear Peile Átha Cliath buaite aige in 2012 agus 2020 le Baile Munna.

Gairm Bhaile Átha Cliath cuir in eagar

Faoi-21: Bhuaigh sé Craobh Peile Faoi-21 Laighean 2010 agus Craobh Peile Faoi-21 na hÉireann le Baile Átha Cliath.

Sinsear: Rinne sé a chéad chluiche ceannais do Bhaile Átha Cliath in aghaidh Laoise i gcluiche ceathrú ceannais Chraobh Laighean 2011, agus bhuaigh sé a chéad Chraobh Shinsir Peile Laighean i gcoinne Loch Garman i bPáirc an Chrócaigh i mí Iúil na bliana sin. Chuaigh Áth Cliath ar aghaidh chuig cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí, agus bhuaigh McCarthy Craobh Peile Sinsear na hÉireann. Chríochnaigh an cluiche ar scór 1-12 in aghaidh 1-11.[5] Ainmníodh McCarthy do Imreoir Óg na Bliana CLG GPA dá léirithe.

Saol Pearsanta cuir in eagar

Peileadóir sinsearach le Baile Átha Cliath ab ea a athair John a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann trí huaire.

Ó 2020, bhí sé fostaithe ag AIB agus bhí cónaí air laistigh de dhá chiliméadar ó Pháirc Poppintree, Páirc Choláiste Albert agus Páirc Bhaile Sheáin.