Bunghné ceoil, leanúint airdí, eagraithe in ord éigin intuigthe. I gceol an iarthair, ní fhaightear an tséis neamhspleách ar na bunchodanna eile, an armóin is an rithim, ach amháin i gcantaireacht eaglasta is cuid de na hamhráin béaloidis. Idir timpeall 1675 is 1925 tháinig inspioráid shéiseach, an cumas foinn mhaithe a chumadh, le bheith níos tábhachtaí luachmhaire mar chomhartha éagoitinne an chumadóra. Déanann cuid mhaith cumadóirí a bpearsantacht cheolmhar a chur in iúl ar bhealaí eile, le húsáid innigh, rithime is eile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Séis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.