Is é an sí-abhabha[1]chihuahua an pór madra is lú dá bhfuil ann.

WD Bosca Sonraí Pór Madra Sí-abhabha
Ginearaltaí
Tír bhunaidhMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Méid áil3.2 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe fisiciúla
Meáchan1.5 kg agus 2.5 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú agus caighdeán póir
Cód catalóige218 Cuir in eagar ar Wikidata (Federation Cynologique Internationale Cuir in eagar ar Wikidata)

Cur síos cuir in eagar

Tá sé in ainm a bheith éirimiúil agus neirbhíseach. Tá cuma shaintréitheach air. De ghnáth bíonn na súile agus na cluasa mór. Bíonn an tsrón gearr. Bíonn na hainmhithe 500g-3kg ar meáchan.

Stair cuir in eagar

D'eascair an t-ainm ó stát Chihuahua i Meicsiceo. Ní léir conas a tháinig na madraí seo ar an bhfód, ach ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh, bhí turasóirí á gceannach i stát Chihuahua. Deirtear gurbh iad na Techichi, madraí beaga a bhí ina gcónaí Meicsiceo roimh theacht na nEorpach, sinsir an phóir.[2]

Sa bhliain 2023, ba ea í Pearl as Florida an madra is lú ar domhan go hoifigiúil,. Bhí sí chomh fada le nóta dollair ($1) agus bhí 0.553 cileagram meáchain inti.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “chihuahua — Aistriúchán Gaeilge ar chihuahua (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. The Chihuahua Handbook, D. Caroline Coile, Ph.D., foilsithe ag Barron's, 2000; ISBN 0-7641-1521-9.
  3. ELeathanach 439, 2 Bealtaine 2023

Naisc cuir in eagar