Deilbhín snoite de bhean lomnocht a bhfuil pit áibhéileach uirthi is ea Síle na gcíoch (Béarla: Sheelah na gig). Tá a leithéidí le fáil ar chaisleáin, ar theampaill agus ar fhoirgnimh eile, ní hamháin in Éirinn ach sa Bhreatain agus sa Mhór-Roinn chomh maith. In Éirinn, áfach, atá an chuid is mó de na fíoracha seo – os cionn céad ceann acu le hais ceithre cinn is daichead sa Bhreatain.[1]

Síle na gcíoch ar mhúr Fhiodh Ard i gContae Thiobraid Árann.

Foinse cuir in eagar

Níl na scoláirí ar aon intinn faoi fhoinse na bhfíoracha. Tá deilbhíní “gráisciúla” den saghas seo le fáil go forleathan i gcuid den Mór-Roinn, agus áitíonn James Jerman agus Anthony Weir go bhfuil baint acu leis an ailtireacht Rómhánúil, gur snoíodh a bhformhór san 11ú haois agus gur bhain siad Éire amach sa 12ú haois.[2]

Rinne Jerman iarracht ar na deilbhíní a chur i gcomhchoibhneas le maisiú gobach Rómhánúil de dhéanamh voussoir (móitíf mhaol dhingeach) a bhí san fhaisean sa 12ú haois sa Fhrainc agus a thug na Normannaigh thar lear leo. Is deacair, áfach, mórán samplaí a fháil den chomhchoibhneas seo in Éirinn.[3] Áitítear, mar sin féin, go bhfuil formhór mór na bhfíoracha le fáil i sa limistéar Angla-Normannach mar a bhí in Éirinn timpeall an 12ú haois, agus gan ach beagán le fáil i limistéar na nGael.[4]

 
Síle na gcíoch ag SS Mary and David's Church, Kilpeck, Sasana.

Síle na gcíoch in Éirinn cuir in eagar

In Éirinn tá formhór na ndeilbhíní le fáil i lár agus i ndeisceart na tíre.

Tá na gnáth-thréithe ag baint leo: cluasa spréite; súile móra agus iad mar a bheidís ag stánadh ort (gan iontu ach poill uaireanta); béal gránna strabhsach agus stríoca domhaine ar na leicne uaireanta. Tá idir sheisce agus thorthúlacht le haithint orthu de bharr shnoiteacht an chuid uachtair den cholainn agus na pite áibhéilí thíos. Is minic na cíocha gan toirt nó ina scibirlíní agus na heasnacha ag gobadh amach. Os a choinne sin, bíonn imleacán suntasach ann agus pit thoirtiúil anchumtha. Is minic na lámha sínte i dtreo na pite nó ag teagmháil léi. Is léir gur chuir na fíoracha seo múisiam ar dhaoine éigin agus loitmhilleadh déanta ar dheilbhíní Shíle na gcíoch i mBaile na Cloiche, i mBiorra, i gCluain Lára, i nDubhadh, i Mainistir Fhiodh Ard, i Mainistir na Croise Naofa, sa Mhachaire agus i nDurlas.[5]

I dTiobraid Árann atá an chuid is mó de na deilbhíní seo. Tá ceann acu ar fhoirgneamh de chuid an 15ú haois ar Charraig Phádraig, agus é suite ar chúinne a bhfuil radharc maith air ag teacht isteach duit. Deilbhín síonchaite é, ach is féidir a chuid tréithe a aithint. Tá ceann eile ar chúl Óstán Phálás Chaisil (teach mór a thóg an Ardeaspag Bolton san 18ú haois), agus na saintréithe uile le feiceáil air, cé gur giorraíodh cuid den chloch.[6]

Tháinig deilbhín eile chun solais sa bhliain 1990 agus é bainte de bhalla seanscoile i dTulach Ruáin i gContae Chill Chainnigh. B’fhéidir go bhfuil baint aige le Caisleán an Ghrásaigh i mBaile an tSoirtéalaigh. Tá deilbhín eile ar Chaisleán na Cloiche Mantaí sa chontae céanna, rud a threiseodh leis an teoiric go raibh Síle na gcíoch ann mar chosaint ar chontúirt.[7]

Thángthas ar dheilbhín i reilig Theampall Naomh Bríd de chuid Eaglais na hÉireann i Ros Fhionnghlaise i gContae Laoise sa bhliain 1991. I Músaem Náisiúnta na hÉireann atá sé anois, agus gan eolas ar aon cheann eile sa chontae sin a bhaineann le heaglais.[8]

Dátú agus rangú cuir in eagar

Uaireanta is léir nach bhfuil an deilbhíní ag teacht le maisiú, le dealramh ná le hábhar tógála an fhoirgnimh a bhfuil siad, agus cuma na haoise orthu, rud a chuirfeadh in iúl go bhfuil traidisiún fada ag baint leo.

Is féidir iad a rangú ina gceithre chineál:

  • Deilbhíní atá ina gcuid de phatrún leanúnach ar choirbéil, ar mhullaí nó ar stuanna. Le heaglaisí amháin a bhaineann siad seo, agus níl siad ársa.
  • Deilbhíní aonair atá snoite ar chlocha cúinne, ar eochracha, ar lindéir, ar stuaiceanna, ar bhocóidí dín - rudaí atá ina gcuid de bhunábhar an fhoirgnimh. Iad le fáil ar fhoirgnimh eaglaiseacha agus ar chaisleáin.
  • Deilbhíní aonair atá suite leo féin ach a d’fhéadfadh baint a bheith acu le foirgneamh áirithe.
  • Deilbhíní nach mbaineann le foirgneamh ar bith nó a aistríodh ó áit eile.[9]

Feidhmiú cuir in eagar

Sa bhliain 1844 thug Johann Georg Kohl, scoláire Gearmánach, cuairt ar Dhubhadh i gContae na Mí agus é ar lorg dheilbhíní Shíle na gcíoch. Dúirt fear faisnéise leis go raibh deich gcinn ar a laghad ann agus go n-úsáidtí na fíoracha chun an tsúil mhillte a chealú. Sa seansaol fadó rachadh fear a raibh an mí-ádh air chun mná áirithe agus nochtfadh sí a baill ghiniúna dó mar leigheas. Dúradh le Kohl go dtugtaí Shilagh na Gigh ar mhná den saghas sin agus gur baisteadh na fíoracha féin astu. Dúradh leis freisin gurb éard is brí don ainm "Síle na Géige".[10]

Mhéadaigh ar an tsuim a bhí ag ársaitheoirí sa scéal agus beartaíodh teoiricí difriúla. Áitíodh gur as nósanna an Phágánachais nó na sean-Chríostaíochta a fáisceadh na deilbhíní, nó go raibh baint acu leis an torthúlacht.[11]

I lár an 19ú haois rinne John Windele, dinnseanchaí, tagairt do na deilbhíní mar "Chailleacha an Chaisleáin" sa bhéaloideas. Dá bhfeicfeadh an namhaid iad bhainfí an mírún de. Dá mbeadh an tsúil mhillte (an tsúil chiorraithe) ag duine i ngan a fhios dó, mheallfadh an Chailleach a shúil agus bhainfí an dochar di.[12]

An bandia cuir in eagar

Déanann scoláirí éigin Síle na gcíoch a shamhlú leis an gCailleach, bandia a bhronnadh ríogacht in Éirinn agus in Albain. Nochtadh sí ina seanbhean ghránna dhrúisiúil, agus dá mbeadh sé de mhisneach i bhfear éigin luí léi nochtfadh sí arís ina sciamhaí óg a chuirfeadh rath ar réimeas an rí nua. Ba í Margaret Murray, antraipeolaí cáiliúil, ba thúisce a chuir teoiric na Caillí in iúl, agus fuair sí tacaíocht ó Ann Ross ("The Divine Hag of the Pagan Celts"), a thug le fios gurbh ionann Síle na gcíoch agus bandia an chatha.[13]

Cíorann Jørgen Andersen an teoiric seo, ach tugann sé níos mó airde ar an gcomhthéacs meánaoiseach, cé go bpléann sé an rian a d’fhéadfadh an págánachas a fhágáil ar chuma an deilbhín. Maíonn sé gur deacra áitiú Ross a dhearbhú ná bunús ilchríochach (Francach) na móitífe.[14]

Áitíonn Barbara Freitag, agus í ag cuimhneamh ar Shíle na gcíoch i ndála an tseansaoil, gur bhandia áitiúil í a thabharfadh aire do mhná i luí seoil.[15]

An t-ainm cuir in eagar

Tugann Pádraig Ua Duinnín, foclóirí, Síle na gcíoch ar an saghas deilbhín atá i gceist:

"a stone fetish representing a woman, supposed to give fertility, only thought to have been introduced by the Normans".[16]

Luann Jørgen Andersen an t-ainm seo agus Síle ina giob (i.e. ina gogaire), ach deir sé (ar nós roinnt scoláirí eile) nach raibh Síle na gcíoch ina ainm coitianta riamh.[17] B’fhéidir go raibh ainmneacha áitiúla eile ann, leithéid Chailleach an Chaisleáin.[18]

Tagairtí cuir in eagar

  1. McMahon & Roberts, 2000.
  2. Jerman & Weir, 1999, lch 24. Tá an argóint seo ag cur le tuairim Andersen, 1977.
  3. Freitag, 2004, lgh 13-14.
  4. O’Kelly, 1996.
  5. Freitag, 2004, lgh 4-10.
  6. Counihan, 1992, lch 230.
  7. Counihan, 1992, lch 230-31.
  8. Counihan, 1992, lch 231.
  9. Freitag, 2004, lgh 14.
  10. Kohl, 1844, lgh 308-309
  11. Freitag, 2004, lgh 16-20.
  12. Freitag, 2004, lch 22.
  13. Féach Pearson, Ann: ‘Reclaiming the Sheela-na-gigs: Goddess Imagery in Medieval Sculptures in Ireland’: http://pi.library.yorku.ca/ojs/index.php/cws/article/viewFile/8830/8007. Forbhreathnú comparáideach é ó thaobh an fheimineachais de.
  14. Andersen, 1977.
  15. Freitag, 2004.
  16. Dinneen, Patrick Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Dublin: Irish Texts Society 1927.
  17. Andersen, 1977.
  18. Windele, luaite in Freitag, lch 22.

Leabhair agus alt cuir in eagar

  • Andersen, Jørgen. The Witch on the Wall. Rosenkilde and Bagger (1977).
  • Counihan, Monica Reilly. ‘Five undocumented stone figures,’ Tipperary Historical Journal, 1992 27.
  • Freitag, Barbara. Sheelah-na-gigs: unravelling an enigma . Routledge (2004). ISBN 0-415-34553-7
  • Jerman, James & Weir, Anthony. Images of Lust: sexual carvings on medieval churches. B.T. Batsford Pty Ltd (1986), Routledge (1999) (athchló). ISBN 0-415-15156-2
  • McMahon, J. & Roberts, J.. The Sheela-na-Gigs of Ireland and Britain: The Divine Hag of the Christian Celts – An Illustrated Guide. Mercier Press Ltd (2000). ISBN 978-1-85635-294-9

Ailt cuir in eagar

  • Dr Theresa Oakley & Dr Alex Woodcock. ‘The Romanesque Corbel Table at St John's, Devizes and its Sheela na gig,’ The Wiltshire Archaeological and Natural History Magazine, Volume 99, 2006.
  • Starr Goode & Miriam Robbins Dexter. ‘Sexuality, the Sheela na gigs, and the Goddess in Ancient Ireland,’ ReVision, Vol. 23, No. 1 (Summer 2000): 38-48.
  • Miriam Robbins Dexter & Starr Goode. ‘The Sheela na gigs, Sexuality, and the Goddess in Ancient Ireland,’ Irish Journal of Feminist Studies 4 (2), Mary Condren, eag., 2002, 50-75.

Naisc sheachtracha cuir in eagar