SEIF

réimse fhadhbanna sláinte a tharlaíonn mar gheall ar ionfhabhtú le VEID

Seasann na litreacha SEIF don siondróm easpa imdhíonachta faighte. Is é atá ann ná cnuasach d'airíonna, tholgáin agus ionfhabhtuithe a thagann ar an duine de thoradh an dochar ar leith a dhéanann an Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna nó an VEID dá chóras imdhíonachta. Fágann céim dheireanach an tsiondróim an t-othar gan imdhíonacht ar bith ar tholgáin agus sceachaillí a thapaíonn an deis.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSEIF
cuir in eagar
Cineálhuman immunodeficiency virus infectious disease (en) Aistrigh, easpa imdhíonachta faighte, galair agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaífiabhras, liomfadanapaite, buinneach, marbhántacht, cailleadh meáchain, gríos, opportunistic infection (en) Aistrigh, Sarcóma Kaposi, An liomfóma, peripheral neuropathy (en) Aistrigh, night sweats (en) Aistrigh, miailge, scornach nimhneach, tuirse, enlargement of lymph nodes (en) Aistrigh, mouth ulcer (en) Aistrigh agus crithfhuacht Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithetástáil fola, ELISA, blotting (en) Aistrigh agus rapid antigen test (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CóireáilAntiretroviral therapie (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
delavirdine (en) Aistrigh, saquinavir (en) Aistrigh, indinavir (en) Aistrigh, abacavir (en) Aistrigh, efavirenz (en) Aistrigh, Aisíditímidín, lopinavir (en) Aistrigh, ritonavir (en) Aistrigh, didanosine (en) Aistrigh, lamivudine (en) Aistrigh, tenofovir (en) Aistrigh, stavudine (en) Aistrigh, nelfinavir (en) Aistrigh, amprenavir (en) Aistrigh, nevirapine (en) Aistrigh, zalcitabine (en) Aistrigh, enfuvirtide (en) Aistrigh, darunavir (en) Aistrigh, tenofovir disoproxil (en) Aistrigh, raltegravir (en) Aistrigh, lamivudine/zidovudine (en) Aistrigh, fosamprenavir (en) Aistrigh agus maraviroc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ualach tinnis91,907,445 Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
SuíomhT-chill Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis ghéiniteachPARD3B, DGKI, RXRG agus TGFBRAP1 Cuir in eagar ar Wikidata
Buaileann séHomo sapiens Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisvíreas easpa imdhíonachta daonna Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachtdeath from AIDS-related complications (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10B2424. Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9042, 043 agus 044 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPB90 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0062709 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM609423 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB5938 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000594 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine211316 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKacquired-immune-deficiency-syndrome-aids Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000163 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet319269 agus 310050 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0001175 agus C0001175 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:635 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Póstaer, Ceanada 1989

Inniu, is galar paindéimeach é an SEIF, agus meastar go bhfuil tolgadh an víris faighte ag corradh is 38.6 milliún de dhaoine ar fud an domhain.[1]

I Mí Eanáir sa bhliain 2006, mheasúnaigh Clár Comhair na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte go raibh breis agus 25 milliún duine tar éis bás a fháil leis an SEIF ó haithníodh an chéad uair riamh é, ar an 5 Meitheamh 1981. Mar sin, tá an SEIF ar ceann de na galair is mó a mharaigh daoine ó tháinig an chéad taifead stairiúil ar pár. Sa bhliain 2005, meastar gur cailleadh 2.4-3.3 milliún duine leis an SEIF, agus nach raibh 570,000 duine acu ach ina bpáistí. San Afraic taobh theas den tSahára a thit ceann as gach triúr de na básanna seo amach.

Dá thoradh sin, tá sochaí na dtíortha sa chuid sin den domhan ag titim as a chéile ar fad ag an ngalar, nó má tá cuid mhór de dhaonra na tíre ag éileamh leis an ngalar agus ag fáil bháis, ní féidir an geilleagar ná an córas riaracháin féin a choinneáil ag imeacht. Is féidir gearradh siar ar an mortlaíocht agus maolú ar chruachás na n-othar le cóireáil fhrith-reitrivíreasach, ach níl a leithéid de chógaisí ar fáil go réidh i ngach tír. Tarraingíonn an SEIF níos mó náire anuas ar an othar ná an chuid is mó de na galair mharfacha, agus is minic a ghreamaíonn an náire seo, fiú, de na daoine atá ag tabhairt sóláis agus leighis don othar.

 

Ionfhabhtú cuir in eagar

Is é an SEIF an dóigh is tromchúisí ar féidir don ionfhabhtú leis an VEID teacht chun solais. Reitrivíreas is ea an VEID is mó a ionfhabhtaíonn comhchodanna ardtábhachtacha an chórais imdhíonachta, cosúil leis na cealla CD4+ T (sórt T-chealla iad seo), macrafagaigh agus cealla deindríteacha. Díothaíonn an VEID na cealla CD4+ T go díreach agus go hindíreach, agus ní féidir don chóras imdhíonachta oibriú i gceart in uireasa na gceall seo. Nuair nach bhfuil oiread is 200 cill den chineál seo fágtha i ngach micrilítear fola, tá an imdhíonacht cheallach caillte, agus an SEIF ar na bacáin. I ndiaidh an chéad ionfhabhtú géar, is dual don VEID é féin a choinneáil faoi cheilt ar feadh tamaill, go dtí go dtiocfaidh na chéad luathairíonna chun solais. Ina dhiaidh sin, iompóidh an t-ionfhabhtú ina ShEIF, a bheidh inaitheanta ar an mbeagán ceall den chineál CD4+ T a fhanfaidh san fhuil, chomh maith le hionfhabhtuithe ar leith a bhíonn coitianta ag na hothair SEIF.

Mura bhfuil cógaisí frith-reitrivíreasacha ar fáil, is gnách don ionfhabhtú iompú ina SEIF i rith naoi nó deich mbliana, agus nuair a bheidh an SEIF ann, ní bheidh ach naoi mí agus seachtain fágtha ag an othar ar an saol seo, ar meán. Mar sin féin, bíonn forchéimniú an ghalair éagsúil go leor ag othair dhifriúla, agus é ag luainiú idir dhá sheachtain agus fiche bliain. Imríonn go leor imthoscaí a dtionchar ar ráta an fhorchéimnithe. Más duine óg atá againn agus coimpléasc capaill aige, is follasach go mbeidh sé in ann cúl a choinneáil ar an aicíd níos faide ná an seanduine fannlag.

 
Airíonna an Ghalair

Má úsáidtear cógaisí frith-reitrivíreasacha in am, is ea is faide a bheifear ábalta an SEIF a mhoilliú agus an t-othar a choinneáil beo breabhsánta.

Diagnóis cuir in eagar

Ón gcúigiú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1981 anuas, is iomaí sainmhíniú ar an SEIF a forbraíodh le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, cosúil le sainmhíniú Bangui agus cás-sainmhíniú fairsingithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar an SEIF ón mbliain 1994. Ní raibh na córais seo ceaptha le céimeanna an ghalair a aithint thar a chéile san ospidéal, áfach. Sna tíortha tearcfhorbartha, úsáidtear córas na hEagraíochta Domhanda Sláinte leis an ionfhabhtú VEID a aithint agus le céimeanna forbartha an ghalair a shainmhíniú de réir na sonraí cliniciúla agus saotharlainne. Sna tíortha forbartha, áfach, téitear i dtuilleamaí chóras aicmithe na Centers for Disease Control (CDC) sna Stáit.

Córas na hEagraíochta Domhanda Sláinte le céimeanna forbartha an ionfhabhtaithe agus an ghalair a aithint cuir in eagar

 
SEIF san Afraic. Eochair:

██ 0%-2%

██ 2%-5%

██ 5%-10%

██ 10%-15%

██ 15%-20%

██ 20%-30%

██ Níl eolas ar fáil

Sa bhliain 1990, d'aicmigh an Eagraíocht Dhomhanda Shláinte na hionfhabhtuithe agus na riochtaí sláinte seo leanas le chéile le córas céimaitheanta a thabhairt isteach d'othair atá ionfhabhtaithe le VEID-1. Nuashonraíodh an córas i Mí Mheán Fómhair sa bhliain 2005. An chuid is mó de na riochtaí seo, níl iontu ach tolgáin a thapaíonn an deis nuair nach bhfuil imdhíonacht ag an othar: nuair a thagann siad ar an duine nach bhfuil ionfhabhtaithe leis an VEID, ní bhíonn sé deacair iad a leigheas.

  • Céim a hAon: Ní aithnítear airíonna ar bith ar an othar, cé go bhfuil sé ionfhabhtaithe leis an víreas. Ní aicmítear an riocht seo mar SEIF go fóill
  • Céim a Dó: Mionairíonna an ghalair le haithint ar an gcraiceann agus ar na seicneacha múcasacha. Bíonn an slaghdán ag teacht ar an othar anois is arís.
  • Céim a Trí: Síorbhuinneach dhomhínithe ar an othar le mí anuas, nó níos faide. Ionfhabhtuithe tromchúiseacha baictéaracha. Eitinn na scamhóg.
  • Céim a Ceathair: Tocsaplasmóis na hinchinne, candaidiáis an éasafagais, na traicé, na mbroncas nó na scamhóg. Sarcóma Kaposi. Ar na haicídí seo a aithnítear an SEIF thar aon dabht nó déidearbhadh.

Córas aicmithe CDC le haghaidh an ionfhabhtaithe VEID cuir in eagar

I dtús báire, d'aicmigh na Lárionaid um Srianadh agus Chosc na nAicídí (Centers for Disease Control and Prevention, CDC) sna Stáit an SEIF mar "GRID", is é sin, Gay Related Immune Disease, nó galar imdhíonachta na bhfeileacán. Ina dhiaidh sin, áfach, fuarthas amach nach raibh an SEIF teoranta do dhaoine homaighnéasacha amháin, agus mar sin, baisteadh an t-ainm nua, neodrach air. Sa bhliain 1993, d'fhairsingigh na Lárionaid seo a sainmhíniú ar choincheap an SEIF.

 
forleithne, 2009

Ó shin i leith, deirtear go bhfuil an SEIF ar gach duine atá ionfhabhtaithe leis an VEID agus a bhfuil níos lú ná 200 T-chill i micrilítear dá chuid fola, sin nó mura bhfuil ach 14 % nó níos lú as na fuilchealla bána ar fad aige ina dT-chealla. An chuid is mó de na hothair nua sna tíortha forbartha, is de réir an tsainmhínithe seo nó an tsean-sainmhínithe ó na blianta roimh 1993 a haithnítear iad. An duine ar aithníodh an SEIF air de réir na sainmhínithe seo, beifear ag dearcadh air mar othar SEIF fiú i ndiaidh do na cealla seo éirí níos líonmhaire de bharr na cóireála, nó i ndiaidh do na seachghalair a bheith leigheasta.

 
Ghana, 2011

Na hairíonna is na seachghalair cuir in eagar

Na hairíonna ar a n-aithnítear an SEIF, ní airíonna don SEIF iad sa chiall liteartha, nó is torthaí iad do na galair a thagann ar an othar i ndiaidh don SEIF an córas imdhíonachta a chur ó mhaith. Dá mbeadh an córas sin ag oibriú mar ba chuí, ní bheadh oiread is deis ag na haicídí sin teacht a fhad leis sin. Na baictéir, na víreasanna, na fungais agus na seadáin a tharraingíonn na galair seo ar an othar, is iomaí ceann acu nach ndéanfadh a dhath ar an duine folláin. Téann an VEID i gcion ar gach cuid den orgánach, beagnach. Iad siúd a bhfuil an SEIF orthu, bagraíonn an ailse orthu freisin, nó tá cineálacha ailse ar leith a bhuaileann othair SEIF níos fusa ná na daoine eile, go háirithe sarcóma Kaposi, ailse an mhuiníl agus ailse an chórais imdhíonachta féin (liomfóma).

 

Na hothair a bhfuil an SEIF orthu, bíonn gnáthairíonna an othair ionfhabhtaithe ag luí orthu, ar nós fiabhras, bárcadh allais (istoíche ach go háirithe), faireoga ata, creathnú fuachta, fannlaige ghinearálta, agus cailleadh meáchain. Meastar go bhfuil níos mó ná cúig bliana saoil i ndán don othar i ndiaidh dhiagnóisiú an SEIF, ach ós rud é go bhfuiltear ag forbairt cóireálacha nua agus an víreas féin ag éirí dochloíte ag na seanchógaisí, is dócha go mbeidh athruithe agus ath-athruithe ag teacht ar an measúnú seo amach anseo. An t-othar nach bhfuil fáil aige ar an gcóireáil fhrith-reitrivíreasach, ní mhaireann sé bliain i ndiaidh na diagnóise, de ghnáth. Cailltear an chuid is mó de na hothair leis na tolgáin a thapaíonn an deis nó leis na cineálacha aillse a thagann orthu i ndiaidh don chóras imdhíonachta teip orthu.

Bíonn an galar ag dul chun donais ag rátaí éagsúla ar othair éagsúla, agus é braiteach ar thionchar a lán fachtóirí ar nós so-ghabhálacht an othair, an riocht ina raibh a chóras imdhíonachta agus a shláinte roimh an tolgadh, feabhas an chúraim shláinte sa tír ina bhfuil sé ina chónaí, na hionfhabhtuithe lena raibh sé buailte nuair a tholg sé an VEID, agus an tréithchineál den víreas féin a bhuail é. Na seachghalair a bhuaileann an t-othar, bíonn siad ag brath ar aeráid na timpeallachta. An seachghalar a thiocfadh ort sa teochrios, ní thagann sé ort sa Ghraonlainn.

Na galair scamhógacha a bhuaileann an t-othar cuir in eagar

An cineál niúmóine ar a dtugtar Pneumocystis jiroveciPneumocystic carinii

Is ar éigean a thagann an niúmóine seo ar dhaoine folláine a bhfuil a gcóras imdhíonachta ag oibriú mar is cóir, ach is minic a bhíonn sé ag luí ar othair a fuair an tolgadh VEID. A fhad is nach raibh diagnóis, cóir leighis ná réamhchosc forbartha don ghalar seo, ba mhinic a thug sé bás na n-othar SEIF faoi dheireadh, fiú sna tíortha saibhre. Maidir leis an Tríú Domhan, tá an galar seo i gcónaí ar ceann de phríomchomharthaí sóirt an SEIF ag othair nach ndeachaigh faoi thástáil VEID, cé nach gnách dó othar a bhualadh mura bhfuil leibhéal na gceall CD4 tite glan níos ísle ná 200 ceann in aghaidh an mhicrilítir.

An eitinn

Murab ionann agus na hionfhabhtuithe eile a bhíonn ag dul leis an SEIF, is féidir leis an eitinn dul ón othar SEIF go daoine nach bhfuil a dhath cearr lena gcóras imdhíonachta. Is é an córas ríospráide an bealach a thagann an tolgadh. Níl sé deacair an eitinn a leigheas le cógaisí an lae inniu, ach tá an dainséar ann i gcónaí go gcaillfidh na cógaisí a mbrí, agus na frídíní ag éirí díonta orthu. Cé go bhfuil an eitinn imithe as an gcuid is mó de na tíortha Iartharacha, agus an sláinteachas ag dul i bhfeabhas, níl an scéal leath chomh maith sna tíortha tearcfhorbartha ina bhfuil an SEIF féin ag rith damhsa. Go gairid i ndiaidh an ionfhabhtaithe, bíonn an eitinn teoranta do na scamhóga, ach de réir is mar atá an t-othar ag éirí lag agus an víreas ag fáil an lámh in uachtar air, is féidir leis an eitinn an t-orgánach a ionsaí taobh amuigh de na scamhóga. Is minic a bhíonn sí á leitheadú go dtí na cnámha agus go smior na gcnámh, chomh maith leis an ngoile agus na putóga, an chrua-ae, agus lárchóras na néaróg.

Na galair ghastraistéigeacha a bhuaileann an t-othar cuir in eagar

  • Is é is éasafagaíteas ann ná athlasadh íochtar an éasafagais. Is iad na fungais (candaidiáis) nó na víreasanna (herpes simplex a haon, nó citimeiglivíreas) is mó a tharraingíonn an t-éasafagaíteas ar an othar atá ionfhabhtaithe leis an VEID. Sa chorrchás, is féidir gur miceabaictéir is cúis leis.
  • An tsíorbhuinneach a bhuaileann an t-othar, is iomaí cineál baictéar ar féidir leis a leithéid a tharraingt air: Salmonella, Shigella, Listeria, an campaileabaictéar, nó Escherichia coli, cuir i gcás, chomh maith le hinfhabhtuithe seadánacha agus infhabhtuithe neamhghnácha a thapaíonn an deis, ar nós crioptaspóiridióis, micreaspóiridióis, Mycobacterium avium (MAC) agus drólainníteas citimeiglivíreasach. Is féidir freisin gurb iad na cógaisí a tharraingíonn an bhuinneach ar an othar nó gurb é an VEID féin is cúis léi, go háirithe le linn chéim thosaigh an ionfhabhtaithe. Agus an galar ag dul chun donais, tagann athruithe ar an dóigh a n-ionsúnn an chonair stéigeach na cothaithigh, agus creidtear gurb é seo is cúis leis an mbuinneach teacht ar na seanothair.
 

Na galair néarógacha a bhuaileann an t-othar cuir in eagar

  • Galar seadánach is ea an tocsaplasmóis, agus is é an seadán aoncheallach úd Toxoplasma gondii is cúis leis. Is gnách don tseadán an inchinn a ionfhabhtú agus athlasadh inchinne nó einceifilíteas tocsaplasmach a tharraingt air, ach thairis sin, tá sé in ann na súile agus na scamhóga a ionfhabhtú chomh maith, agus dochar a dhéanamh dóibh.
  • Galar miailinscriosach is ea an leoiceinceifileapaite ilfhócasach chéimnitheach (progressive multifocal leukoencephalopathy, PML). Scriosann an galar seo an mhiailin timpeall ar acsóin na néarcheall, agus mar sin, baineann sé de chumas an orgánaigh néar-ríoga a iompar. Is é an víreas "JC" is cúis leis an leoiceinceifileapaite. Tá an víreas seo ar iompar ag seachtar daoine as gach deichniúr faoi cheilt, ach má fhanann an córas imdhíonachta ag obair go maith, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith. Nuair a chuirfidh an VEID an córas sin ó mhaith, áfach, tosóidh an víreas seo ag ionfhabhtú na néarcheall, agus má thosaíonn, ní bheidh sé i bhfad ag díothú an córas néarógach ar fad. Mar sin, ní mhairfidh an t-othar ach cúpla mí i ndiaidh na diagnóise, de ghnáth.
  • Tugtar ADC, nó néaltrú (dara leanbaíocht, aois leanbaíochta) de dheasca an SEIF ar einceifileapaite mheitibileach a gcuireann an t-ionfhabhtú VEID an chéad tús leis, agus é ag dul chun donais de réir mar atá an SEIF ag oibriú ar na macrafagaigh - na fuilchealla móra bána - agus ar na fagaicítí eile san inchinn atá ag iarraidh an t-orgánach a chosaint. Is é sin, má ionfhabhtaíonn an SEIF na cealla seo, tosóidh siad ag tál substaintí a dhéanann dochar do na néaróga (substaintí néarthocsacha). Is é is toradh don dochar seo ná mínormáltachtaí cognaíochta, iompraíochta, agus luaile, agus iad ag teacht chun solais, fiú, na blianta fada i ndiaidh an chéad ionfhabhtú VEID. Tá an "dara leanbaíocht de dheasca an SEIF" seo i bhfad níos coitianta ar na hothair sna tíortha Iartharacha ná san India. Is dócha gurb é an cineál den víreas atá coitianta san India is cúis leis an difríocht seo.
  • Is é atá i gceist leis an meiningíteas crioptacocúilmeiningíteas nó athlasadh meininge (is é is meining ann ná an tseicin a chumhdaíonn an inchinn agus corda an dromlaigh) arb é an fungas úd Cryptococcus neoformans is cúis leis. Sórt fiabhras inchinne atá ann, mar sin. Is iad na hairíonna a théann leis an meiningíteas crioptacocúil ná fiabhras, tinneas cinn, atuirse, samhnas, agus múisc. Is féidir leis an meiningíteas seo bás an othair a thabhairt, mura thugtar cógas agus cóir leighis dó in am.
 
Saolré SEIF
 
Loit SEIF ar luch.

Na cineálacha ailse a bhuaileann an t-othar cuir in eagar

Tá cineálacha urchóideacha ailse ann a thagann ar na hothair VEID thar aon dream eile. Is é is cúis leis an íogaireacht seo ná an comh-ionfhabhtú le víreas oincigineach a bhfuil aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann. Víreasanna den chineál seo is ea Víreas Epstein agus Barr (EBV), an víreas úd KSHV a bhfuil sarcóma Kaposi ag baint leis, agus an cineál den víreas Papilloma a bhuaileann daoine (HPV). Má aithnítear na cineálacha ailse seo leanas ar othar atá ionfhabhtaithe leis an VEID, is féidir a rá go bhfuil an SEIF air.

  • Is é sarcóma Kaposi an siad is tipiciúla agus is coitianta a thagann ar na hothair seo. Sa bhliain 1981, tugadh faoi deara go raibh an sarcóma seo ag iompú ina eipidéim ar fhir óga homaighnéasacha, agus inniu, tá a fhios againn gurbh é an VEID agus an SEIF ba chúis leis an eipidéim seo. Víreas den chineál gáma-herpes ar a dtugtar KSHV (is é sin, "an víreas herpes atá ag baint le sarcóma Kaposi", nó Kaposi's sarcoma-associated herpes virus as Béarla) is cúis leis an sarcóma seo. Aithnítear an sarcóma mar nóidíní a bhfuil dath sórt purpartha iontu, ach is féidir dó orgáin eile a bhualadh chomh maith, go háirithe an béal, an chonair ghastraistéigeach, agus na scamhóga.
  • Liomfómaí áirithe, go háirithe liomfóma Burkitt agus liomfómaí atá cosúil leis sin, bíonn siad níos coitianta ar na hothair atá ionfhabhtaithe leis an VEID ná ar dhaoine eile. Na cineálacha seo ailse, is tuar tubaiste iad go minic don othar. I gcásanna áirithe, is féidir an SEIF a aithint ar na liomfómaí seo. Is iad KSHV agus víreas Epstein agus Barr is cúis le cuid mhór de na liomfómaí seo.
  • Ar mhná atá ionfhabhtaithe leis an VEID, is féidir an SEIF a aithint ar an ailse cheirbheacsach. Is é an víreas papilloma, nó HPV, is cúis leis an ailse seo.

I mbreis ar na cineálacha ailse thuas ansin, is baol do na hothair VEID siadaí áirithe eile a tholgadh, go háirithe galar Hodgkin - sórt liomfóma é sin freisin - agus carcanómaí san anas agus sa reicteam (ailse sa tóin). Tá cuid mhaith cineálacha ailse ann, áfach, nach mbíonn níos coitianta ar na hothair VEID ná ar an gcuid eile den daonra - ailse na gcíoch agus ailse na drólainne, cuir i gcás. In áiteanna a mbaintear úsáid fhorleathan as an modh leighis ar a dtugtar HAART - is é sin, cóireáil fhrith-reitrivíreasach ardghníomhach, a chiallaíonn go dtugtar sraith de chógaisí frith-reitrivíreasacha éagsúla don othar - bíonn na cineálacha sainiúla ailse a théann leis an SEIF ag dul chun annaimhe, ach san am céanna, bíonn na hothair VEID ag fáil bháis le cineálacha eile ailse.

 
Póstaer, 2016, Durban

Ionfhabhtuithe eile a thapaíonn an deis cuir in eagar

Nuair nach bhfuil díonadh ná cosaint cheart fágtha san othar, is iomaí cineál baictéar nó frídín eile a thapaíonn an deis. Mar sin, bíonn ionfhabhtuithe éagsúla ag luí ar an othar VEID, agus airíonna sách ginearálta ag dul leo, ar nós fiabhras agus cailliúint mheáchain. Is féidir leis an Mycobacterium avium agus leis an gcitimeigilivíreas an t-othar a ionfhabhtú, mar shampla. Tagann an drólainníteas leis an gcitimeiglivíreas go minic, mar a chonaic muid thuas cheana, agus is féidir leis an víreas sin reitine na súl a bhualadh freisin agus an t-othar a fhágáil dall. San Áise Thoir-Theas, is minic a thagann peinicillióis ar an othar. Is é is cúis leis an bpeinicillióis ná an fungas úd Penicillium marneffei. Go coitianta, ní gnách linn dearcadh ar fhungais an ghéinis úd Penicillium mar fhoinsí galair, ach mar fhoinsí leighis. An té atá fágtha gan imdhíonacht ag an VEID, áfach, is féidir leis éirí an-tinn de thoradh ionfhabhtú leis an bPenicillium, fiú bás a fháil.

Tolgadh agus cosc an ghalair cuir in eagar

 
An Ribín Dearg.

Seo meastachán a thaispeánann priacal tolgtha an VEID de réir an dóigh a dtéitear i dteagmháil leis an víreas. Taispeánann an figiúr na hionfhabhtuithe in aghaidh deich míle ócáid teagmhála le foinse an víris.

  • Fuilaistriú: 9,000
  • Breith an Linbh (seachadadh an víris ó mháthair go leanbh) 2,500
  • Beirt ag baint úsáide as an tsnáthaid chéanna le druga a instealladh 67
  • Comhriachtain tríd an tóin gan choiscín, an priacal don duine atá sa ról neamhghníomhach 50
  • Comhriachtain tríd an bhfaighin gan choiscín, an priacal don bhean 10
  • Comhriachtain tríd an tóin gan choiscín, an priacal don duine atá sa ról gníomhach 6.5
  • Comhriachtain tríd an bhfaighin gan choiscín, an priacal don fhear 5
  • Faoiseamh an bhéil gan choiscín, an priacal don duine atá ag tabhairt faoisimh 1
  • Faoiseamh an bhéil gan choiscín, an priacal don duine atá ag fáil faoisimh 0.5

Conas an tolgadh a chosc roimh ré cuir in eagar

An teagmháil ghnéis cuir in eagar

Is é an teagmháil ghnéis - an chomhriachtain - an dóigh is coitianta leis an SEIF a tholgadh ar na saolta seo. Is é an coiscín an t-aon ghléas amháin atá ann le priacal an tolgtha a laghdú le linn comhriachtana.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "HIV/AIDS" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2022-04-23.