Coláiste is ea Sabhal Mòr Ostaig atá suite san Oileán Sciathánach in Albain agus atá ag teagasc trí mheán na Gàidhlige suas go dtí leibhéal iarchéime. Tá thart fá 100 mac léinn lánaimseartha ar láithreán na Colaiste. Tá cuid acu ag déanamh dianchúrsa Gàidhlige ar feadh bliana amháin. Leanann cuid acu ar aghaidh bliana eile, nó ar feadh trí nó ceithre bliana chun céim BA nó céim onóracha a bhaint amach. Tá cúrsa practiciúil ar na meáin ann fosta, le dlúthbhaint leis an teilifís Ghàidhlige.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSabhal Mòr Ostaig

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57°05′13″N 5°52′19″W / 57.087°N 5.872°W / 57.087; -5.872
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1973
Eile

Suíomh gréasáinsmo.uhi.ac.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Déanann an Coláiste an-chuid cianfhoghlama fosta. Tá An Cùrsa Inntrigidh Curtha i gcartlann 2015-09-08 ar an Wayback Machine ann do thosnaitheoirí na Gàidhlig, le rang gutháin uair a chloig gach seachtain. Ach is féidir leanúint ar aghaidh go dtí céim nó céim onóracha tríd an cianfhoghlama. Agus fiú amháin ag leibhéal níos airde tá MSc ann i Cultar Dùchasach agus Eachdraidh na Gàidhealtachd[nasc briste go buan] (Cultúr Dúchasach agus Stair na Garbhchríche), agus tá roinnt mac léinn PhD ann chomh maith.

Cuireann an Coláiste cúrsaí seachtaine Curtha i gcartlann 2014-12-22 ar an Wayback Machine ar fáil ag am na Cásca agus i rith an tsamhraidh: cúrsaí ceoil traidisiúnta agus cúrsaí Gàidhlige agus cúrsaí eile. Bíonn cúrsa Gàidhlig ann uair nó dó gach bliana go sonraithe do dhaoine atá líofa cheana i nGaeilge na hÉireann.[1]

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an Coláiste sna 1970í ar Ostaig Farm Square le fiontraí áitiúil, Sir Iain Noble a bhí báúil don Ghàidhlig. Ar dtús ní raibh ann ach leabharlann agus corra chúrsa goirid, ach thosaigh cúrsaí HND dhà-bhliadhna sa bhliain 1983 le ochtnar de mhac léinn lánaimseartha.

Daoine cuir in eagar

Bhí an file gaelach aithnidiúil, Somhairle MacGill-Eain, i measc na comhaltaí boird luaithe.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Seal i nGaeltacht na hAlban Curtha i gcartlann 2014-12-27 ar an Wayback Machine - cuir síos as Gaeilge ar cúrsa Gàidhlige ag Sabhal Mòr Ostaig i samhradh 2014.

Naisc sheachtracha cuir in eagar