Cluiche foirne atá i gceist le sacar na mBan..

Infotaula d'esportSacar na mban
Spórtsacar
Cineálsacar agus spórt na mban
Tír dhúchaisAlbain

Stair cuir in eagar

Is i mí Dheireadh Fómhair i 1917 i monarchan i Preston, i Lancashire i dTuaisceart Shasana, áit a raibh mná fostaithe chun obair chogaidh a dhéanamh, a thosaigh mná ag imirt sacar den chéad uair i Sasana. Ar deireadh thiar thall bhí deireadh tagtha le lámh láidir na bhfear agus bhí éirí amach dá gcuid féin ag na mná.

Ba le beirt Albanach, W.B. Dick agus John Kerr[1] an monarchan, áit ar oibrigh na mná ag déanamh armlón nuair a thosaigh an cogadh i 1914.

I ndáiríre bhí na Sasanaigh ag leanacht traidisiún na Meiriceánach sa chaoi is go mbeadh foireann sacair ag na mná. Théadh na mná amach ar a mbriseadh ag imirt sa chlós. Bhíodh na fir ag spochadh astu ag rá nach raibhadar rómhaith ag imirt.Ghríosaigh sé seo na mná agus chuireadar foireann le chéile agus d'imríodar cluiche in aghaidh na bhfear. Cé go luaitear sa stair gur imríodar a chéile, níl aon chaint ar thoradh an chluiche. B'iad seo foireann sacair Dick Kerr. D'fhan an fhoireann seo ag imirt ar feadh 48 bliain agus bhain siad stangadh as lucht leanúna an tsacair i Sasana a raibh forlámhas na bhfear i bhfeidhm ann i gcónaí.

Ar Lá le Stiofáin i 1920, imríodh cluiche an-cháiliúil i bPáirc Goodison i Learphóil idir mná Dick, Kerr[1] agus foireann Lancashire eile, mná St. Helen's. Bhí slua an-mhór ag an gcluiche(53,000 taobh istigh den staid agus 10 go 15,000 lucht leanúna taobh amuigh nuair a bhí an staid líonta go béal.

I 1921 b'éigean don eagraíocht sacar i Londain, an FA cosc a chur ar mhná bheith ag imirt sacar ar feadh 50 bliain.

I ndáiríre ní bheidh a fhios againn go deo cé chomh maith is a bhí an fhoireann seo i gcomparáid le foirne mná sa lá atá inniu ann. Rud amháin atá cinnte ná gur sheas an fhoireann seo an fód ar feadh 48 bliain; d'imir siad 828 cluiche; bhuaigh siad 758 acu; bhí siad ar comhscór i 46 cluiche agus níor cháilleadar ach 24 cluiche. Scóráil siad 3,500 cúl ar fad i rith a dtréimhse imeartha.

Cluichí Oilimpeacha agus FIFA cuir in eagar

 
Corn UEFA 2005, Potsdam

I 1966 tugadh isteach 'Sacar na mBan' 'sna Cluichí Oilimpeacha. Bhuaigh foireann Mheiriceá an bonn óir. Ansin i 1999 bhí 'Corn an Domhain' i ' Sacar na mBan' ar siúl. Arís bhí an bua ag na Stáit Aontaithe ar chiceanna pionóis in aghaidh an tSín.

 
Defence Forces Ladies Soccer, FAI Ladies Junior Cup Final 2009

Sacar na mBan in Éirinn cuir in eagar

Tá cúpla club i ngach contae in Éirinn. Imrítear é ó aois an-óg. Tá foirne an-láidir 'sna coláistí tríú leibhéal ar nós foireann sacar na mban Ollscoil Luimnigh, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, Port Láirge agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Sacar na mBan i nGaillimh cuir in eagar

I nGaillimh imríonn foireann Sacar na mBan Salthill Devon a gcuid cluichí i Drom i Rahún.Anseo tá áiseanna traenála den scoth acu, ina measc tá páirceanna 'astro-turf', páirceanna atá feiliúnach le n-imirt orthu in aon aimsir. Tá foireann sách láidir acu. Tosaíonn traenáil i mí Feabhra agus leanann an séasúr ag aghaidh go dtí Deireadh Fómhair.Bíonn traenáil dhá oíche in aghaidh na seachtaine le cluiche gach deireadh seachtaine sa réamh-shéasúr.Tá an fhoireann ag cuartú imreoirí nua an t-am ar fad chun an fhoireann a láidriú agus a neartú. Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil 'Sacar na mBan' ag fás i gcónaí ar fud an domhain.Tá an todhchaí ag breathnú thar bheith sláintiúil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Dick, Kerr Ladies F.C." (as en) (2023-07-03). Wikipedia.