San 23ú Salm (Uimhriú Gréagach: salm 22) sa Bhíobla Eabhraise / Sean-Tiomna, téacs naofa na Críostaíochta, déanann an scríbhneoir (Dáibhí) cur síos ar Dhia mar a Aoire. Mar an Aoire, cosnóidh Sé, soláthróidh Sé, agus treoróidh Sé sinn, dar leis an údar. Má tá daoine áirid i mbaol ó namhaid láidre, creideann críostaithe go gcosnóidh Dia iad; má táthar i mbaol gorta, cuirfidh Dia go leor bia ar fáil. Síleann críostaithe fosta go seolann agus treoraíonn Dia daoine chuig áit shábháilte, ina mbíonn an saol go flúirseach. Go minic cóiríodh an téacs, ar a bhfuil an-mheas ag Giúdaigh agus Críostaithe araon, le ceol.

Bosca Sonraí DoiciméadSalm 23
Cineálchapter of the Bible (en) Aistrigh, biblical psalm (en) Aistrigh agus psalm (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deLeabhar na Salm Cuir in eagar ar Wikidata
Salm 22 Cuir in eagar ar Wikidata
An Dea-Aoire, mósáic i Mausoleo di Galla Placidia, Ravenna.

Leagan Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban i gcló Iodálach cuir in eagar

1

Is é an Tiarna m' Aoire, níl aon duine d'uireasa orm.
Is e 'n Tighearn mo bhuachaille; cha bhi mi ann an dith.

2

Do chuir Sé i m' luí mé i móinearaibh féar-uaithne,
Ann an cluainibh glasa bheir e orm luidhe sios:
sheolann Sé chun na n-uiscí mé, mar a bhfaighim suaimhneas,
Laimh ri h-uisgeachaibh ciuine treoraichidh e mi.

3

do bheir fionnuair do m'anam.
Aisigidh e m'anam;
Seolann Sé mé ar riantaibh díreacha
treorachaidh e mi air slighibh na fireantachd
mar gheall ar a ainm.
air sgath ainme fein.

4

Bíodh go dtéim
Seadh, ged shiubhail mi
isteach i ngleann dorcha,
troimh sgaile a' bhais
ní ghlacfad eagla roimh olc ar bith,
cha bhi eagal uilc orm;
toisc tusa do bheith faram;
oir thusa maille rium:
bheir do shlat is do bhachall
bheir do shlat agus do lorg
sólás dom.
comhfhurtachd dhomh.

5

Ullamhair bord dom
Deasachaidh tu bord fo m' chomhair
i bhfianaise mo namhaid.
ann am fianuis mo naimhdean;
Ungair mo cheann le hola;
dh'ung thu le h-olaidh mo cheann;
tá mo chupán ag cur thairis.
tha mo chupan a' cur thairis.

6

Leanfaidh cineáltas is grásta mé
Gu cinnteach leanaidh maith agus trocair mi
gach uile lá de m' shaol,
uile laithean mo bheatha;
agus mairfead i dtig an Tiarna
agus comhnuichidh mi ann an taigh an Tighearna
go deo.
fad mo laithean.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar