Paidir de chuid na Críostaíochta is ea Salve Regina.

Muire
Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, a Mháthair na Trócaire,
is tu ár mbeatha, ár mílseacht is ár ndóchas, go mbeannaíthear duit.
Is ort-sa a screadaimíd, clann bhocht dhíbeartha Éabha,
is chughat-sa suas a chuirimíd ár n-osnaithe,
ag caoineadh is ag gol sa ghleann so na ndeor.
Iompaigh orainn, dá bhrí sin, a Choimirce, a chaomh-uasail,
do shúile atá lán de thrua,
is nuair a bheidh deireadh lenár n-íobairt ar an saol seo,
tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa,
a Mhaighdean Mhuire ró-thrócaireach, ró-ghrámhar, ró-mhilis.
Guigh orainn a naomh-Mháthair Dé,
ionas gur fiú sinn gealltanais Chríost a fháil. áiméin.
A Athair Shíoraí, gur cheannaigh t'Aonmhac dúinn,
lena bheatha, lena bhás, is lena aiséirí,
aoibhneas síoraí na bhFlaitheas,
tabhair dúinn, achnaímíd ort, do ghrásta,
ionas ag machnamh dúinn ar na mistéiribh seo na Corónach Mhuire,
go dtiocfadh linn do thoil naofa a dhéanamh agus an t-aoibhneas síoraí sin do shroisint,
trí Íosa Críost ár dTiarna. áiméin.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

  • 'Salve Regina' ar Youtube