Bardasacht i dtuaisceart na Gearmáine is ea Sande.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSande

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°30′08″N 8°00′50″E / 53.5022°N 8.0139°E / 53.5022; 8.0139
Stát ceannasachan Ghearmáin
Stát sa GhearmáinAn tSacsain Íochtarach
District of Lower Saxony (en) AistrighFriesland (district) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,622 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús191.94 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla44.92 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist26452 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód04421 agus 04422 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsande.de Cuir in eagar ar Wikidata

Achoimre cuir in eagar

  • Daonra: 9,300in Sande (bruachbhailte san áireamh), 5,000 in Sande amháin[1].

Baile beag réasúnta ciúin agus taitneamhach is ea Sande atá suite i dtuaisceart na Gearmáine, sa tSacsain Íochtarach (Niedersachsen as Gearmáinis). Freaslainn (Friesland as Gearmáinis) a thugtar ar an cheantar ina bhfuil sí. Is gearr den Mhuir Thuaidh í, agus tá tionchar mór ag an bhfarraige ar an mbaile seo.

Turasóirí i Sande cuir in eagar

Is fiú é do thurasóirí cuairt a thabhairt do Sande. Tá dhá óstán ann, Hotel Auerhahn [2] i lár an bhaile agus Landhaus Tapken [3] ar an imeall. Tá árasáin féinfhreastail le fáil freisin, chomh maith le leaba & bricfeasta.

In Sande, tá go leor nádúr le feiceáil - baineann cuairteoirí taitneamh as siúlóidí tríd an sráidbhaile, ar na bealaí beaga a leanann an chanáil, agus timpeall an locha bhig ar thaobh amháin an sráidbhaile.

Tá cúpla músaem ann freisin, ceann faoi stáir chois fharraige[4] agus ceann faoin mbruachbhaile is stairiúla, Neustadtgödens (Baile Nua Gödens).[5]

Is féidir turais sa char a dhéanamh chuig na bailte beaga iascaireachta cois fharraige. Tá na hoileáin Fhreaslannacha le feiceáil ann freisin, le tránna le gaineamh chomh mín le plúr.

Ní féidir réigiún níos fearr a shamhlú chun rothaíocht a dhéanamh. Tá rothair le fáil ar cíos ann, agus tá bealaigh deasa sábháilte don rothaíocht ann. Níl sléibhte nó cnoic ann, agus mar sin, tá sé éasca na mílte a chlúdach ar rothar.

Íomhánna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar