Scannal Oifige Poist sa Ríocht Aontaithe

Idir 1999-2015 sa Ríocht Aontaithe, ionchúisíodh níos mó ná 900 fo-mháistrí poist de bharr gadaíochta. cuntasaíochta bréagaí agus mar sin de. Bhí na líomhaintí gan bhunús, bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon, déanta ag Fujitsu (ICL sa 20ú haois).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Oifige Poist sa Ríocht Aontaithe
Íomhá
Cineálscannal polaitiúil
miscarriage of justice (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1999 - 
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Croineolaíocht
2019 Bates & others v Post Office Ltd (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Horizon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar gheall ar chuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht, agus bhí go leor scriosta ó thaobh airgid de. Thug ceathrar lámh ina mbás féin.[1]

Paula Vennells

2019-2023 cuir in eagar

Tháinig Scannal Oifige Poist chun solais don chéad uair sa bhliain 2019 nuair a rialaigh an Ard-Chúirt i Londain go raibh an bogearraí Horizon lochtach. .Tháinig an scannal chun solais ag am míthráthúil, agus an rialtas gnóthach ag cur Breatimeacht i bhfeidhm. Le linn 2020-2023, bhí sé deacair na ciontuithe a chur ar neamhní sna cúirteanna. Bhí na fo-mháistrí ag lorg cúitimh chomh maith ach tairgeadh suim shuarach.[2]

2024 cuir in eagar

Craoladh sraith dhráma ar ITV in 2024, Mr Bates vs the Post Office.[3] Dhírigh na cláir aird ar chás na fo-mháistrí.[4] Tháinig athrú ollmhór i ndearcadh an phobail. Bhí Paula Vennells ina príomhfheidhmeannach ar Oifig an Phoist idir 2012 agus 2019. Bhronn an Bhanríon CBE[5] uirthi sa bhliain 2019. Ach bhí a fhios ag rialtas, agus Theresa May ina príomh-aire, go raibh smál ar a ainm ag an am sin.[6] Shínigh níos mó ná milliún duine achainí ag iarraidh go ndéanfaí an CBE a bhaint de Ms Vennells. Faoi dheireadh thug Vennells ar ais an CBE as a stuaim féin; dúirt sí gur "éist sí" leis na fo-mháistrí poist agus le daoine eile ag iarraidh uirthi a CBE a thabhairt ar ais. “Tá fíor-bhrón orm", a dúirt sí, "as an léirscrios a rinneadh do na fo-mháistrí poist agus dá dteaghlaigh, a raibh a saol stróicthe as a chéile de bharr iad a bheith cúisithe go mícheart agus iad a ionchúiseamh go mícheart mar thoradh ar chóras Horizon.”[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Julia Banim, Saffron Otter (2024-01-08). "Post Office scandal's 4 suicides - broken dad of two and wife haunted by 'shame'" (en). The Mirror. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (13 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  3. "Mr Bates vs The Post Office" (as en) (2024-01-13). Wikipedia. 
  4. "Mr Bates v Post Office: How has Fujitsu stayed out of the headlines?" (en). Bracknell News (2024-01-09). Dáta rochtana: 2024-01-13.
  5. Commander of the Order of the British Empire
  6. Shari Miller (2024-01-13). "Theresa May's government backed CBE for Post Office CEO Paula Vennells". Mail Online. Dáta rochtana: 2024-01-13.