Is éard is scaradh iseatóp ann ná meascán d'iseatóip a scaradh ina n-iseatóip dhifriúla ar leith. Baintear feidhm as airíonna éagsúla na n-iseatóp chuige seo. Mar shampla, sraontar léas iain luchtaithe iseatóp i réimsí leictreacha is maighnéadacha níos mó nó níos lú, ag brath ar a maiseanna: an iarmhairt is bun leis an mais-speictriméadar. Sampla eile is ea go mbraitheann ráta idirleata na n-iseatóp i meascán gásach ar mhais gach iseatóip, agus baintear feidhm as seo chun scaradh a dhéanamh ar heicseafluaríd úráiniam i saibhriú úráiniam i gcomhair breosla núicléach.[1]

Eagair lártheifneoirí sna Stáit Aontaithe a shaibhríonn úráiniam

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scaradh iseatóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.