Rásaíocht mótar de shaghas ar leith, triail luasghéaraithe thar aon rud eile. Rásaíonn dhá fheithicil le hinnill mhóra, rotha móra cúil is rotha beaga tosaigh thar chúrsa 400 m. Baintear luasanna timpeall 400 km u-1 amach go minic. Bíonn paraisiút feistithe ar gach feithicil chun cabhrú sa choscadh ag deireadh an ráis. Thosaigh sí i gCalifornia sna 1930idí agus is coitianta í sna Stáit Aontaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sciuirdrásaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 584.