San ailtireacht, grúpa ailtirí a dhear foirgnimh oifige i Chicago go déanach sa 19ú céad a bhí mar cheannródaithe d'ilstóraigh an 20ú céad. Bhain siad feidhm as creatlach cruach, cumhdaithe le máisiúnachas is fairsinge mhór fuinneog, go minic go dtí airde mhór. Sampla suntasach is ea an Stocmhalartán a dhear Sullivan is Adler.[1]

Stocmhalartán Chicago: Tógadh é in 1893–94; leagadh é i 1931.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scoil Chicago". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 132.