Scoilteanna hidriteirmeacha

Toibreacha teo ar ghrinneall na farraige ar feadh na scoiltghleannta ar na sceireacha aigéanacha is i scoilteanna bolcánacha eile. Go minic deascann suilfídí is ocsaídí miotal ón tuaslagán hidriteirmeach te (timpeall 350 °C) a thagann amach ar an ngrinneall, agus tógann siad sin struchtúir suas le 10 m ar airde a dtugtar simléirí orthu. Bíonn tiúchan ard suilfíd hidrigine san uisce hidriteirmeach, agus is bunús é sin le méid ollmhór baictéar a ocsaídíonn sulfar. Bíonn na baictéir seo ag bun biashlabhra ilghnéitheach farraige a bhíonn lonnaithe mórthimpeall ar na scoilteanna hidriteirmeacha, ceann annamh nach mbraitheann ar fhótasintéis nó radaíocht na Gréine mar bhunfhoinse fuinnimh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scoilteanna hidriteirmeacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.