Long chogaidh thapa a dearadh go déanach sa 19ú céad chun báid toirpéad a scriosadh. Ó shin modhnaíodh í cuid mhaith agus baineadh feidhmeanna éagsúla aisti, chun fomhuireáin a sheilg, i gcomhair luachála is ionsaí, mar long tionlacain, agus mar sciath cosanta do long mhór chogaidh. Sa lá atá inniu ann, iompraíonn scriostóirí diúracáin threoraithe is gunnaí cumasacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scriostóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 586.