Is é Seanad Bharbadós an teach uachtarach de chuid Pharlaimint Bharbadós. Cuimsíonn an Pharlaimint, i dteannta an tSeanaid, Teach an Tionóil agus an Tiarna (a bhfeidhmíonn Seanascal ar son).

Bosca Sonraí EagraíochtaSeanad Bharbadós
Sonraí
Cineálseanad Parlaimint Bharbadós Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtReginald Farley (en) Aistrigh (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Cuid deParlaimint Bharbadós Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbarbadosparliament.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Seanascal, mar ionadaí na Banríona, a cheapann an 21 seanadóir go hoifigiúil. Ceapann sé 12 ball ar mholadh an Phríomh-Aire agus beirt bhall ar mholadh Cheannaire an Fhreasúra. Ceapann sé an seachtar ball eile de réir a rogha féin.

Le bheith incheaptha mar Sheanadóir, ní mór don duine 21 bliain d'aois a bheith slánaithe aige, agus bheith ina shaoránach de chuid Bharbadós, agus cónaí air i mBarbadós ar feadh an 12 mí dheireanach.

Naisc cuir in eagar