Seandálaíocht na hAstráile

Tá trí fho-dhiscliplín ag baint le Seandálaíocht na hAstráile:

  • Seandálaíocht Bhundúchasach (a bhaineann le Bundúchasaigh agus muintir Chaolas Torres)
  • Seandálaíocht na tíre tar éis theacht na nEorpach
  • Seandálaíocht mhuirí

Is é an nasc atá idir na fo-dhisclipíní seo Bainistíocht Oidhreachta Cultúrtha.

Seandálaíocht Bhundúchasach cuir in eagar

 
Cósta na Tasmáine agus Victoria timpeall 14,000 bliain ó shin. Taispeáintear roinnt láithreán seandálaíoch.

Ar dtús bhí claonadh ag lucht seandálaíochta chun dul ar lorg na láithreán ba shine. Faoi seachtóidí na fichiú haoise bhí béim á cur ar an timpeallacht agus ar an gcaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine. Faoi dheireadh na seachtóidí bhí bainistíocht oidhreachta cultúrtha ag teacht chun tosaigh de bharr Bundúchasaigh agus muintir Chaolas Torres a bheith ag iarraidh a bheith páirteach i dtaighde seandálaíoch. Bhí béim anois ar na hathruithe cultúrtha a tháinig ar na dreamanna úd ar feadh na mblianta.

Faoi láthair tá aird mhór ag seandálaithe ar dhearcadh na mBundúchasach agus mhuintir Chaolas Torres i leith na tíre. Creideann siad siúd nach leis an am atá caite amháin a bhaineann láithreáin sheandálaíocha ach leis an am atá anois ann chomh maith. Tá a rian sin le feiceáil ar an taighde.

Tá an-suim ag taighdeoirí sna daoine is túisce a bhain an Astráil amach. Táthar ar aon intinn nár tháinig daoine nó aon speiceas atá gaolmhar leo chun cinn san Astráil, agus creidtear mar sin gur ón iasacht a tháinig na chéad daoine a chuir fúthu sa tír. Tá sé le tuiscint as na hiontaisí gur bhain na daoine sin le Homo sapiens, an speiceas is nua-aoisí.

Tá díospóireacht ar siúl faoi céard as do na chéad daoine úd. Taispeánann staidéir ghéiniteacha Áiseacha go bhfuil cosúlacht idir Meilinéisigh, Indiaigh agus Bundúchasaigh. Deirtear gur tháinig na chéad lonnaitheoirí 60,000 bliaín ó shin, ach is luath an dátá é le hais réigiúin eile an domhain. B’fhéidir, mar sin, gur fáisceadh iad as grúpa Afracach a tháinig feadh chósta theas na hÁise níos deifrí ná grúpaí eile a bhí ag imeacht thar ilchríocha na ré Holaicéiní.

Is é is dóichí ná gur tháinig na chéad lonnaitheoirí nuair ba threise a bhí an Oighearaois ba dheireanaí. Ag an am bhí an Astráil agus Nua-Ghuine nasctha le chéile mar mhórchríoch amháin a dtugtar Sahul anois uirthi. Bhí oirdheisceart na hÁise agus a chuid oileán nasctha le chéile mar mhórchríoch a dtugtar Sunda uirthi. Deirtear go bhféadfadh na chéad Astrálaigh teacht trasna na farraige idir Sahul agus Sunda idir 60,000 agus 40,000 bliain ó shin, cé go luaitear dátaí eile freisin.

Fágann an méid sin go raibh tábhacht mhór le Nua-Ghuine. Dá bhrí sin tá a lán taighde déanta sa tír sin ag seandálaithe Astrálacha.

Is iad na láithreáin a leanas na cinn is tábhachtaí san Astráil:

  • Oileán Rottnest (70,000 bliain d’aois)
  • Nauwalabila (55,000 – 60,000 bliain d’aois)
  • Malakanunja (45,000 – 61,000 bliain d’aois)
  • Devil’s Lair (45,000 bliain d’aois)
  • Loch Mungo (61,000 nó 40,000 bliain d’aois – níltear ar aon intinn faoin dáta)

D’éirigh an fharraige idir an dá linn agus bheadh na chéad áiteanna lonnaithe báite anois.

Is é is dóichí ná gur lonnaigh na chéad daoine ar chósta an tuaiscirt. Ceist eile is ea spré agus leathnú na ndaoine ina dhiaidh sin. Tá trí theoiric mhóra ann:

  • Leathnú tríd an tír go léir ó bhealach isteach amháin:
  • Imeacht feadh an chósta ar dtús agus ansin limistéir intíre a bhaint amach, go háirithe feadh na haibhneacha móra:
  • Lonnú malartach i réigiúin dhifriúla de réir na n-acmhainní a bheadh ann ag amanna difriúla.

Díospóireachtaí cuir in eagar

An dáta a thángthas i dtír cuir in eagar

Anuas go dtí caogaidí na fichiú haoise deirtí gur tháinig na Bundúchasaigh laistigh de 10,000 bliain ó shin. Sna caogaidí cuireadh na dátaí siar go dtí an Oighearaois dheireanach, de réir ísliú na farraige ag an am agus droichid talún a bheith ann idir Nua-Ghuine, ilchríoch na hAstráile agus an Tasmáin. Nuair a baineadh feidhm as C14 cuireadh an dáta siar go 40,000 bliain ag Loch Mungo. Ach taispeánann an anailís a rinneadh ar leibhéil na farraige gur bádh na láithreáin is sine agus go mb’fhéidir gur tháinig na chéad daoine i bhfad níos luaithe.[1] Áitítear freisin nach féidir dátaí a shocrú go sasúil le C14 níos luaithe ná 40,000 bliain ó shin.[1] Dá bhrí sin shocraigh a lán seandálaithe ar dhátú teirmealonrach a úsáid. Áitítear gur dáta idir 60,000 agus 70,000 bliain ó shin is fearr atá ag teacht le fianaise an Tionscadail an Ghéanóim Dhaonna agus roinnt modhanna dátaithe eile. Tá dátaí idir 100,000 agus 120,000 luaite ag daoine éigin, agus lochtaíodh iad ar chúiseanna teicniúla agus ní ghlactar go forleathan leo.

Lonnú as éadan a chéile cuir in eagar

Chreidtí gur tháinig trí dhream i ndiaidh a chéile. Deirtí gurb iad na Tasmánaigh a tháinig ar dtús agus gur dhíláithrigh “muintir an Murray” iad, agus gur dhíláithrigh “muintir Carpentaria” an dara dream. Nuair a fuarthas cnámharlach scafánta ag Riasc Kow i Stát Victoria i ndeisceart na tíre agus tréithe “bunaidh” ag baint leis, dúradh gur bhain sé leis dream a tháinig go han-luath. Nuair a dátaíodh an t-ábhar, áfach, taispeánadh go raibh sé i bhfad níos déanaí ná na cnámharlaigh sheanga a fuarthas láimh leis agus gur mhó an dealraimh a bhí acu sin leis na Bundúchasaigh agus le muintir Chaolas Torres atá anois ann. Síltear anois gur de shliocht pobail shinseartha amháin iad na Bundúchasaigh, cé go mb’fhéidir gur fhág dreamanna eile a rian orthu níos déanaí.

Seandálaíocht stairiúil san Astráil cuir in eagar

Déanann seandálaithe stairiúla staidéar ar iarsmaí ar nós déantúsán, foirgneamh, clathacha, bóithre, díoganna, líonadh talún, agus fiú tírdhreachanna a d’fhág lámh an duine a rian orthu.

Tá borradh ag teacht faoin líon seandálaithe a dhéanann taighde ar an idirghníomhú idir Eorpaigh agus lonnaitheoirí eile, agus idir lonnaitheoirí agus Bundúchasaigh.

Seandálaíocht faoi uisce agus seandálaíocht mhuirí cuir in eagar

Baineann seandálaíocht faoi uisce leis an ré réamhstairiúil agus leis na réanna stairiúla. Baineann seandálaíocht mhuirí leis an lorg a fhágann daoine ar na farraigí, na haibhneacha agus na hinbhir. Baineann seandálaíocht loingseoireachta le tógáil na long agus na mbád. Déanann seandálaithe de na saghsanna sin scrúdú ar a lán láithreán, agus orthu sin tá laithreáin Bhundúchasacha, láithreáin thionsclaíocha agus láithreáin a bhaineann le cúrsaí cogaidh.

Thosnaigh seandálaíocht mhuirí i seachtóidí na fichiú haoise tar éis go ndúirt acadúlaigh agus polaiteoirí go raibh imní orthu faoin scrios a bhí á dhéanamh ar seanlonga Ollannacha agus Briotanacha ar chósta thiar na tíre. Achtaíodh reachtaíocht Chomhlathais i ndiaidh na bliana 1976 agus d’achtaigh na Stáit a reachtaíocht féin, rud a chuir an fo-dhisclipín seo á chleachtadh ar fud na hAstráile. Ar dtús ba mhó an spéis a bhí ag seandálaithe i longa briste ná in aon rud eile,[2] ach anois is leithne go mór an spéis úd. Iarsmalanna atá i mbun na seandálaiochta seo i Stáit éigin agus aonaid bhainistíocht oighreachta cultúrtha a dhéanann i Stáit eile í. Tá a lán á dhéanamh ag seandálaithe príobháideacha. Faoi choimirce an Australasian Institute for Maritime Archaeology (AIMA) a dhéantar an obair go léir.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Hiscock, P. (2008). Archaeology of Ancient Australia, London; New York: Routledge
  2. Nash, M., (ed.) 2007. Shipwreck archaeology in Australia. UWA Press, Nedlands
  3. Staniforth, M., & Nash, M., (eds.) 2006, Underwater Archaeology: Australian Approaches. Springer, NY

Naisc cuir in eagar