Is éard atá i gceist le Seapánaifilia ná spéis láidir i gcultúr, i stair, agus i muintir na Seapáine. Sa tSeapáinis, an téarma atá ann ná “shinnichi” (親日); ciallaíonn shin (親) “bách do”, agus ciallaíonn nichi (日) “an tSeapáin”. Baineadh úsáid as an téarma Béarla chomh fada siar leis an 18ú haois, sular osclaíodh an tSeapáin do thrádáil choigríche. Tugtar Seapánafóibe ar a mhalairt.

Lógó don tsraith theilifíse Shōgun

San 18ú agus 19ú haois, thug Carl Peter Thunberg agus Philipp Franz von Siebold flóra, saothair ealaíne, agus ceardaíocht Sheapánach isteach san Eoraip, rud a spreag suim sa tSeapáin i measc phobal na hEorpa.[1][2] Rinneadh cur síos ar Lafcadio Hearn (1850–1904), údar Éireannach-Gréagach a chuir faoi sa tSeapáin sa 19ú haois, mar “a confirmed Japanophile” (Seapánaifileach cruthanta) sna brollaigh i roinnt dá chuid leabhar. Deirtear go raibh Jules Brunet (1838–1911), oifigeach de chuid Arm na Fraince a raibh ról tábhachtach aige i gCogadh Boshin, gafa le cultúr na Seapáine freisin.

Go luath sna 2000í, ceapadh roinnt téarmaí dímheasúla i mBéarla do dhaoine atá gafa le popchultúr Seapánach na linne seo, go háirithe anime, manga, agus úrscéalta físe. Úsáideadh “wapanese” (ó “white Japanese” nó “wannabe Japanese” is dócha) den chéad uair in 2002, agus tháinig an téarma “weeaboo” (nó “weeb”) ón ngreannán Gréasáin The Perry Bible Fellowship.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. William R. Johnston (1999). "William and Henry Walters, the Reticent Collectors". JHU Press. ISBN 0-8018-6040-7. 
  2. Robin D. Gill (2004). "Topsy-Turvy 1585". Paraverse Press. ISBN 0-9742618-1-5. 
  3. Chris Kincaid (30 Lúnasa 2015). “Am I a Weeaboo? What does Weeaboo Mean Anyway?”. Japan Powered. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2015. Dáta rochtana: 21 Feabhra 2016.