Seirbhís Dréachtaithe Billí Comhaltaí Príobháideacha

saineolas i dtaobh dlí a dhréachtú atá ar fáil do chomhaltaí Thithe an Oireachtais

Is éard atá i gceist le Seirbhís Dréachtaithe Billí Comhaltaí Príobháideacha ná an saineolas i dtaobh dlí a dhréachtú atá ar fáil do chomhaltaí na dTithe maidir le Billí Comhaltaí Príobháideacha a dhréachtú. Faigheann dréachtóirí reachtaíochta parlaiminteacha treoracha ó chomhaltaí maidir le haidhm agus cuspóir an Bhille Comhalta Phríobháidigh a bheartaítear.