Shaun Davey

cumadóir Éireannach

Cumadóir is ea Shaun Davey (a rugadh ar 18 Eanáir 1948). Tógann sé a théamaí ó stair agus ó chultúr na hÉireann. Meascann sé ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach in a chuid saothar.[1][2]

Infotaula de personaShaun Davey
Beathaisnéis
Breith18 Eanáir 1948
76 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síRockport School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, cumadóir scóir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 –
SeánraCeol Ceilteach
TeangachaAn Afrahaílis agus Béarla

Suíomh gréasáinshaundaveymusic.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0202753 Allocine: 60986 Allmovie: p201524 IBDB: 76310
Musicbrainz: df0b8e8f-8f95-4474-8204-3e1c4890062f Lieder.net: 28853 Discogs: 1931004 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Shaun Davey i mBéal Feirste sa bhliain 1948.

Tá Davey pósta le Rita Connolly, amhránaí aitheanta.[3]

Saothar cuir in eagar

The Brendan Voyage, nó 'Iomramh Bhréanainn' cuir in eagar

Chum Davey The Brendan Voyage, turas farraige, sa bhliain 1980. Is saothar ceolfhoirne agus píobaire é seo, an chéad uair ar scríobhadh sraith iomlán 40 nóiméad do phíb agus ceolfhoireann..[4][5] Sheinn Liam Ó Floinn an phíb in 1980. Seasann an phíb don churach faoi lán seoil go Talamh an Éisc. Tá 10 ngluaiseacht (aonad) sa saothar a léiríonn an t-aistear mara.[1]

Granuaile cuir in eagar

Chum sé Granuaile sa bhliain 1985. Léiríonn sé saol Ghráinne Ní Mháille, banríon na mara i gConnacht. Is saothar don phíb uilleann, giotár, cruit Ghaelach, guth aonréadach agus ceolfhoireann é seo.[1]

Nora Barnacle cuir in eagar

Sa bhliain 2015, chum Davey na hamhráin do ' Nora Barnacle' i dteannta le Nuala Ní Dhomhnaill, file, agus Rita Connolly, fonnadóir, chun saol suaithinseach Barnacle agus Joyce a insint.[6]

The Relief of Derry Symphony

Léiríodh “The Relief of Derry Symphony” le Shaun Davey ar ardán den chéad uair i 1990 i nDoire Cholmcille le linn chomóradh 300 bliain Léigear Dhoire.[7][8]

Saothair eile cuir in eagar

Chuir Davey suim thar na bearta i gcultúr na Gaeltachta. Chum sé ceol álainn don gcnuasach dánta le Caoimhín Ó Cinnéide, ar a raibh an seod ‘Bláthanna Bealtaine’.

I measc na saothar eile a chum sé, tá The Pilgrim agus ceol don amharclann.

Chum sé an téama na sraithe BBC Ballykissangel.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 COGG. "FONN CEOIL". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Shaun Davey – Silverstream Music". www.silverstreammusic.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
  3. Sinéad Ní Uallacháin (2ú Samhain 2018). "Ceardlann scríbhneoireachta i mBéal Feirste agus cúig imeacht eile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  4. Peter Browne (28 Márta 2022). "LÁITHREACH BONN: Bímis ag séideadh! Tá éagsúlacht na hEorpa beo sa phíobaireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  5. TG4 Player (2007). "Extracts from The Brendan Voyage" (ga-IE). TG4. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  6. Kevin Hickey (16 Meitheamh 2015). "Premiere domhanda de ‘Nora Barnacle’ á léiriú anocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  7. "Saothar mór ceoil Shaun Davey le plé ar Raidió Uladh" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-21.
  8. "BBC Radio Ulster - Blas, Siansa i nDoire" (ga). BBC. Dáta rochtana: 2022-12-21.