Silvio Berlusconi

polaiteoir Iodálach

Iar-Phríomh-Aire na hIodáile, fear gnó agus pobalóir ba ea Silvio Berlusconi Fuaim éist (a rugadh 29 Meán Fómhair 1936 agus a d'éag 12 Meitheamh 2023).

Infotaula de personaSilvio Berlusconi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meán Fómhair 1936
Milano (Ríocht na hIodáile)
Bás12 Meitheamh 2023
86 bliana d'aois
Milano, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Chronic myelomonocytic leukemia (en) Aistrigh)
Ball de Sheanad na hIodáile
13 Deireadh Fómhair 2022 – 12 Meitheamh 2023
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Forza Italia

2 Iúil 2019 – 12 Deireadh Fómhair 2022 – Lara Comi →
Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: North-West Italy (en) Aistrigh

Ball de Sheanad na hIodáile
15 Márta 2013 – 27 Samhain 2013
Téarma parlaiminte: 17th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Italian Minister of Economic Development (en) Aistrigh
4 Bealtaine 2010 – 4 Deireadh Fómhair 2010
← Claudio ScajolaPaolo Romani →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi IV Cabinet (en) Aistrigh
Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile
8 Bealtaine 2008 – 16 Samhain 2011
← Romano ProdiMario Monti →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi IV Cabinet (en) Aistrigh

Ceaptha ag: Giorgio Napolitano
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
22 Aibreán 2008 – 14 Márta 2013
Téarma parlaiminte: 16th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Iodáil

2 Deireadh Fómhair 2006 – 29 Meán Fómhair 2008
Italian Minister of Economy and Finance (en) Aistrigh
8 Bealtaine 2006 – 17 Bealtaine 2006
← Giulio TremontiTommaso Padoa-Schioppa →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi III Cabinet (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
21 Aibreán 2006 – 28 Aibreán 2008
Téarma parlaiminte: 15th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Italian Minister of Health (en) Aistrigh
10 Márta 2006 – 17 Bealtaine 2006
← Francesco StoraceLivia Turco →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi III Cabinet (en) Aistrigh
Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile
23 Aibreán 2005 – 17 Bealtaine 2006
← Silvio BerlusconiRomano Prodi →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi III Cabinet (en) Aistrigh

Italian Minister of Economy and Finance (en) Aistrigh
3 Iúil 2004 – 16 Iúil 2004
← Giulio TremontiDomenico Siniscalco →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi II Cabinet (en) Aistrigh
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
1 Iúil 2003 – 31 Nollaig 2003
← Costas SimitisParthalán Ó hEachthairn →
Italian Minister of Foreign Affairs (en) Aistrigh
6 Eanáir 2002 – 14 Samhain 2002
← Renato RuggieroFranco Frattini →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi II Cabinet (en) Aistrigh
Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile
11 Meitheamh 2001 – 23 Aibreán 2005
← Giuliano AmatoSilvio Berlusconi →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi II Cabinet (en) Aistrigh

Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
25 Bealtaine 2001 – 27 Aibreán 2006
Téarma parlaiminte: 14th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Forza Italia

20 Iúil 1999 – 10 Meitheamh 2001
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: North-West Italy (en) Aistrigh

Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Iodáil

4 Samhain 1998 – 25 Meitheamh 2001
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
2 Bealtaine 1996 – 29 Bealtaine 2001
Téarma parlaiminte: 13th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile
10 Bealtaine 1994 – 17 Eanáir 1995
← Carlo Azeglio CiampiLamberto Dini →
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi I Cabinet (en) Aistrigh

Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
3 Aibreán 1994 – 8 Bealtaine 1996
Téarma parlaiminte: 12th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Milano - dlí-eolaíocht (–1961) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaRemo Franceschelli
Áit chónaithePalazzo Grazioli (en) Aistrigh
Villa San Martino (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht, media policy (en) Aistrigh, meáin chumarsáide agus gnó
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, media proprietor (en) Aistrigh, fiontraí, association football executive (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirA.C. Milan, cathaoirleach (1986–2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaForza Italia (2013–2023)
Pobal na Saoirse (2009–2013)
Forza Italia (1994–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Iodáilis, Béarla agus an Fhraincis
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CéileCarla Dall'Oglio (1965–1985), colscaradh
Veronica Lario (1990–2014), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíFrancesca Pascale (en) Aistrigh (2012–2020)
Marta Antonia Fascina (2020–2023) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePier Silvio Berlusconi
 ( Carla Dall'Oglio)
Luigi Berlusconi
 ( Veronica Lario)
Marina Berlusconi
 ( Carla Dall'Oglio)
Barbara Berlusconi
 ( Veronica Lario)
Eleonora Berlusconi
 ( Veronica Lario) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLuigi Berlusconi  agus Rosa Bossi
SiblínMaria Antonietta Berlusconi agus Paolo Berlusconi
Ciontaíodh imionnú éithigh (1990)
→ (luach ar iarraidh)
calaois chuntasaíochta (1999)
→ (luach ar iarraidh)
illegal party financing (en) Aistrigh (2000)
→ (luach ar iarraidh)
calaois chuntasaíochta (2013)
→ (carcrú, interdiction from public works (en) Aistrigh)
calaois chánach (2013)
→ (carcrú, interdiction from public works (en) Aistrigh)
cúigleáil (2013)
→ (4 bliain carcrú, interdiction from public works (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
12 Meitheamh 2023death and state funeral of Silvio Berlusconi (en) Aistrigh
Silvio Berlusconi underage prostitution charges (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinsilvioberlusconi.it Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0075706 Allocine: 36582
Facebook: SilvioBerlusconi Twitter: berlusconi Instagram: silvioberlusconi_official TikTok: silvio.berlusconi Discogs: 392733 Find a Grave: 255353628 Cuir in eagar ar Wikidata

Fear gnó – agus fear seó – ab ea Silvio Berlusconi a raibh comhlacht mór meán cumarsáide bunaithe aige sula ndeachaigh sé le polaitíocht.[1] Dar leis an iris Forbes, b'é Berlusconi an duine is saibhre san Iodáil sa bhliain 2014 agus maoin phearsanta EUR 9 billiún aige.[2] B'úinéir chlub sacair A.C. Milan é go dtí 2017.

mar chrónánaí sna 1950idí - 1960idí

Polaitíocht cuir in eagar

 
1996
 
an-mhór le Putin i gcónaí (2001 anseo)
 
1994

Bhunaigh Berlusconi an páirtí polaitíochta eite deise Forza Italia i 1993 agus toghadh ina Phríomh-Aire é den chéad uair an bhliain dar gcionn. Chaith sé ceithre théarma ina Phríomh-Aire ag tráthanna éagsúla idir 1994 agus 2011.

  • ar feadh seala sa bhliain 1994-1995.
  • ón mbliain 2001 go dtí 2006,
  • agus ón mbliain 2008 go dtí 2011.
 
scigphictiúr, Bealtaine 2011

Bhunaigh Berlusconi an páirtí Forza Italia sa bhliain 1993. Páirtí pobalach a bhí agus atá ann i gcónaí.

Sa bhliain 2001, dúirt Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuig na feirmeoirí agus na ceardaithe. Dúirt sé le lucht gnó gur duine dá ngrúpa é, dúirt sé le feirmeoirí gur chabhraigh sé lena thuismitheoirí sna páirceanna i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus dúirt sé le ceardaithe gurbh é féin a chuir síos an brat urláir ina chéad oifig. Bhí an teachtaireacht soiléir ar dtús: "Is duine mar sibh féin mise, fear a tháinig chun cinn sa saol as a stuaim féin".

Bhí muinín ag an am ag daoine as a scileanna bainisteoireachta agus bhí an tuairim ann go forleathan nach mbeadh deacracht aige ag reáchtáil Italia Inc., ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach.[3]

Sa bhliain 2007, bhunaigh Berlusconi páirtí eile - comhghuaillíocht pholaitiúil i ndáiríre - le Gianfranco Fini, Popolo della Liberta (PDL).[4] Gheall sé sláinte eacnamaíochta dá thír agus bhí sé ina phríomh-aire don tríú uair ón mbliain 2008 go dtí 2011. Bhrúdh as an bpost é sa deireadh mar gheall ar ghéarchéim fiachais.[5]

 
a bhean Veronica Lario, colscartha sa bhliain 2010[6]

Sa bhliain 2012, d'fhógair Príomh-aire na hIodáile ag an am, Mario Monti, go raibh sé chun éirí as a phost i ndiaidh do pháirtí an iarPhríomh-Aire, Silvio Berlusconi, a dtacaíocht don rialtas a tharraingt siar.[7]

Bhí Berlusconi ag streachailt le drochshláinte sna 2010-20idí. Mar sin féin, feisire i bParlaimint na hEorpa a bhí ann idir 2019 agus 2022 agus toghadh é ina Sheanadóir i bparlaimint na hIodáile i mí Dheireadh Fómhair 2022, tráth a chuaigh Forza Italia i gcomhrialtas le páirtí eite deise an Phríomh-Aire Giorgia Meloni.[1]

Conspóidí cuir in eagar

Tharraing sé conspóid go minic agus cuireadh an dlí air go minic i gcaitheamh na mblianta a bhí sé ina pholaiteoir.

Cúisíodh é i gcúbláil airgid, i gcalaois chánach, i gcuntasaíocht bhréige agus in iarracht a dhéanamh breab a thabhairt do bhreitheamh – i measc neart cúiseanna eile.[1] Fuarthas ciontach é i gcuid de na cúiseanna sin, neamhchiontach i gcuid eile agus cuireadh a chiontú ar neamhní in amanna eile, agus bhí cásanna eile ar siúl i gcónaí sa bhliain 2023 nuair a d'éag sé

Sa bhliain 2012, bhí téarma príosúin bliana gearrtha air as imghabháil cánach dofhulaingthe agus polaitiúil (ní dhearna sé ach seirbhís pobail níos déanaí). Dúirt Berlusconi freisin go raibh an tír míshibhialta, barbartha agus nach raibh sí daonlathach níos mó.[8]

Bhí conspóidí ag baint le Berlusconi faoina chaidrimh le mná. Bhí an nós aige cóisir a reáchtáil le mná nochta (striapacha is cosúil), darbh ainm 'Bunga-Bunga'. In 2013, ciontaíodh é i gcaidreamh collaí a bheith aige le cailín faoi aois ach cuireadh an ciontú sin ar neamhní an bhliain dar gcionn. Bhí sé os comhair na cúirte ar chúiseanna brionnaithe fós nuair a d'éag sé.

Saol cuir in eagar

Rugadh Berlusconi i Milano i mí Mheán Fómhair 1936. Ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair.

D’íoc Berlusconi as a thréimhse san ollscoil trí bheith ag obair mar crooner (amhránaí) ar chúrsóirí agus trí tháille a ghearradh ar a chomhscoláirí as a bpáipéir scrúdaithe a scríobh. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le céim sa dlí.

 
Cartún, 2014

Fear gnó cuir in eagar

Bhí cáil agus rachmas ag Berlusconi sular thosaigh sé a ghairm pholaitiúil Sa bhliain 1962, ag am a raibh borradh faoi thionscal na tógála, bhunaigh sé comhlacht darbh ainm Edilnor. Seacht mbliana ina dhiaidh sin fuair sé 3 bhilliún lira ar iasacht chun an baile codail Milano 2 a thógáil in aice lena chathair dhúchais. Gan mhoill, ba é Berlusconi an forbróir ba mhó áras cónaithe agus móreastát réadach miondíola san Iodáil.

 
AC Milan

I 1974 thosaigh Berlusconi ag infheistiú in earnáil na teilifíse den chéad uair, earnáil bhí ar tí fás go mór. I 1980, bhunaigh sé Canale 5, an chéad ghréasán tráchtála náisiúnta teilifíse, mar aon le Italia 1 i 1982 agus Rete 4 i 1984. D’éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh. I ndiaidh an chinnte seo, d’imigh cúrsaí ó smacht agus bunaíodh 700 stáisiún bradach teilifíse ar fud na hIodáile.

Bhunaigh sé an comhlacht Mediaset[9] sa bhliain 1987, an t-ilchomhlacht meán is mó san Iodáil níos déanaí.

Sacar cuir in eagar

Milanese cruthanta a bhí ann agus ba leis ceann de na cumainn sacair is mó san Eoraip, AC Milan, idir 1986 agus 2017.

Bás cuir in eagar

Bhí cóir leighis á cur ar Berlusconi in Ospidéal San Raffaele in Milano faoi ionfhabhtú scamhóige, nuair a d'éag dé ar 12 Meitheamh 2023. Bhí sé 86 bliain d'aois agus bhí leoicéime air le tamall.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-06-12). "Iar-Phríomh-Aire na hIodáile Silvio Berlusconi tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. "Silvio Berlusconi & family" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  3. Roberta Stefan (EAGRÁN 12 · AIBREÁN 2002). "Silvio Berlusconi: ag imirt deismireachta ar náisiún" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  4. "The People of Freedom" (as en) (2023-06-13). Wikipedia. 
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (17 Meitheamh 2023). "‎Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-06-18.
  6. "Veronica Lario" (as en) (2023-05-13). Wikipedia. 
  7. Nuacht RTÉ (2012-12-09). "Ceannlínte Nuachta" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2012-10-27). "Ceannlínte Nuachta" (as ga). 
  9. "Mediaset" (as en) (2023-05-20). Wikipedia. 
  10. Barbie Latza Nadeau,Valentina Di Donato,Alex Hardie,Rob Picheta (2023-04-06). "Former Italian PM Silvio Berlusconi diagnosed with leukemia" (en). CNN. Dáta rochtana: 2023-06-13.