Siobhán Nic Cionnaith

ban-aisteoir Éireannach
(Athsheolta ó Siobhán McKenna)

Ban-aisteoir Éireannach ar an stáitse agus sna scannáin ab ea Siobhán Nic Cionnaith (nó Siobhán McKenna sa Bhéarla) (24 Bealtaine 192216 Samhain 1986).[1][2]

Infotaula de personaSiobhán Nic Cionnaith

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Siobhán McKenna
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1922
Béal Feirste (an Ríocht Aontaithe)
Bás16 Samhain 1986
64 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Éire)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir stáitse, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad ceoilTradition Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDenis O'Dea (1956–1978) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0571430 Allocine: 29034 Allmovie: p47701 IBDB: 52447
Musicbrainz: 6c012fcc-6530-46a2-8320-8d888e1bb2d2 Discogs: 678286 Find a Grave: 6831 Cuir in eagar ar Wikidata

Siobhán Giollamhuire Nic Cionnaith a tugadh uirthi nuair a saolaíodh í i mBéal Feirste i dtuaisceart na hÉireann. Tógadh i gContae Mhuineacháin í le Gaeilge.

Saol cuir in eagar

Bhí sí go fóill ina déagóir i 1940 nuair a ghlac sí páirt ar an stáitse den chéad uair i dTaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaelach na hÉireann. Cuimhnítear chomh maith uirthi mar gheall ar an obair a rinne sí i mBéarla in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ach is sa bpríomhpháirt i St. Joan, dráma cáiliúil le George Bernard Shaw, agus mar Pegeen Mike i The Playboy of the Western World le John Millington Synge a bhain sí an clú is mó amach.

 
Walter Slezak agus Siobhan McKenna, 1960 "Woman in White" ar an teilifís

Nuair a bhí sí ag obair in Amharclann na Mainistreach, bhuail sí le Denis O’Dea agus pósadh iad i 1956. Bhí mac acu.

Ghlac sí páirt ar an stáitse i Londain den chéad uair i 1947 agus i Nua-Eabhrac i 1955 sa dráma The Chalk Chalk Garden le hEnid Bagnold agus ainmníodh í do Ghradam Tony. Nuair a bhí St Joan á léiriú aici i Nua-Eabhrac i 1956 dúirt an léirmheastóir amharclainne Elliot Norton gurbh é seo an léiriúchán is fearr den pháirt dá bhfaca sé riamh. Mar gheall ar an tóir a bhí uirthi, cuireadh a grianghraf ar chlúdach na hirise Life.

Cé go ndearna sí an chuid is mó dá cuid oibre ar an stáitse, ghlac sí páirteanna chomh maith ar an teilifís agus sna scannáin. Ina measc seo, bhí King of Kings (1961), Of Human Bondage (1964) agus Dr Zhivago (1965). Rinneadh scannán freisin de Playboy of the Western World.

Bronnadh Bonn Óir Chumann Éireannach Bhostúin uirthi toisc go raibh sí tar éis “idéil an Chumainn Éireannaigh a chomhlíonadh go bunúsach, go háirithe eolas faoi éachtaí cultúrtha mhuintir na hÉireann a scaipeadh go forleathan”.

Tháinig Siobhán McKenna ar ais go dtí Amharclann na Mainistreach sna seascaidí chun an phríomhpháirt a thógaint i The Loves of Cass Maguire le Brian Friel agus sna hochtóidí chun Bessie Burgess a léiriú i The Plough and the Stars le Seán O'Casey.

Is é Bailegangaire le Tom Murphy an dráma deireanach gur ghlac sí páirt ann (1985). Cailleadh í bliain ina dhiaidh sin tar éis d’ailse scamhóige teacht uirthi.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar