Ainmhí feoiliteach is ea an sionnach nó an madra rua (madadh rua/mada rua uaireanta).

Vulpes vulpes i gCo Chorcaí, 2007

Tacsanomaíocht cuir in eagar

Tá beagnach 40 speiceas ann i ngéinis éagsúla taobh istigh den fhine Canidae.[1]

grúpa tacsanomaíochta iad na sionnaigh. Tá 12 speiceas sa ghéineas Vulpes — na “fíorshionnaigh”, ach tá ar a laghad 25 speiceas eile (beo nó díofa) a dtugtar “sionnach” orthu. Mar shampla:

Sanasaíocht cuir in eagar

Níl aon sanasaíocht shásúil ar an bhfocal sionnach.[2]

Seanfhocail/nathanna cainte cuir in eagar

  • Ní mhealltar an sionnach faoi dhó
  • Chomh glic le sionnach
  • Sionnach ar dhuán, giorria ar do bhaoite, is nár mharaí tú aon bhreac go dtioca an Fhéile Bríde seanmhallacht iascaireachta as ar ainmníodh úrscéal Bhreandáin Uí Eithir Sionnach ar mo Dhuán.

Tréithe cuir in eagar

Bíonn dathanna éagsúla ar na madraí rua, idir buí éadrom agus donn trom rua, agus dath bán nó éadrom ar a mbolg agus ar uile. Bíonn eireaball sionnaigh fada, tiubh, agus mothallach, agus bior bán air de ghnáth. Bíonn na cluasa sách fada agus biorach.

  • Meáchan 4 – 9kg
  • Fad na colainne 50-100cm
  • Fad an eireabaill 30- 45cm
  • Cos Deiridh 13-16cm
  • Fad an Lapa 5cm
  • Aird ón ngualainn anuas 30-40cm

Intleacht cuir in eagar

De réir taighde de chuid Ollscoil Hull sa bhliain 2023, tá madaidh rua sna cathracha níos misniúla ná madaidh rua faoin tuath, ach ní hé go bhfuil siad níos cliste.[3] Chuir na heolaithe puzail do mhadaidh rua ar 104 suíomh i bpáirceanna, i ngairdíní cúil, agus sna coillte ar feadh coicíse agus bhí ar na madaidh rua úsáid a bhaint as meicníocht shimplí chun teacht ar an bhia taobh istigh. Bhí na madaidh rua sna cathracha ní ba shásta teagmháil a dhéanamh leis na puzail. Faoi dheireadh, níor éirigh le níos mó ná 12 madadh rua an bia a fháil óna bpuzail - ach nuair a fágadh an bia ar an talamh gan puzal, ní raibh drogall ar shionnach ar bith an bia a ithe, beag beann ar cá háit a raibh siad.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  1. enfa.ie (2007). "An Fiadhúlra". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2023.
  2. "School of Celtic Studies – DIAS" (en-US) (2023-07-24). Dáta rochtana: 2023-08-12.
  3. "Urban foxes bolder but not smarter than rural ones, study suggests" (en-GB). BBC News (2023-08-08). Dáta rochtana: 2023-08-12.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (12 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-12.