Orgán a dhéanann an guth sna héin, cosúil leis an laraing sa mhamach. Suite sa phíobán garbh, mar a roinneann sé ina dhá phíobán. Tá scannáin chreathacha ann, cochall aisfhuaimnithe (an tiompán), agus matáin áirithe. Baintear feidhm as struchtúr is suíomh na siringe chun éin a rangú ina ngrúpaí gaolmhara.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Siring". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 604.