Is éard atá i gceist le sláinte na bhfear ná brainse míochaine atá ag teacht chun cinn le blianta anuas chun galair a chuireann isteach ar fhir go príomha a sheachaint is a chóireáil. Tagann cur chun cinn na sláinte i gceist maidir le hailse uiríoch is phrostátach, agus cuidiú le fir stíl beatha shláintiúil le haclaíocht, cothú maith is caitheamh stuama alcóil a bheith acu.

Tagann seachaint taismí is féinmharuithe, cúis mhór báis d'fhir óga, i gceist, agus cóireáil ar neamhoird fhireanna cosúil le héagumas is cailliúint gruaige.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sláinte na bhfear". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 605.