Bleachtán

géineas plandaí
(Athsheolta ó Slóchtán)

Cuimsíonn sé plandaí éagsúla sa ghéineas Sonchus, cuid acu bliantúil, cuid eile ilbhliantúil (Béarla: sow thistle).[1] Dúchasach don Eoraip, an Áise is an Afraic. Úscann an gas laitéis bhán nuair a bhristear é. Na duilleoga go minic le himill spíonacha, na gasduilleoga ag fáisceadh an ghais le dhá liopa chruinne, cosúil le cluasa, ag a mbun. An bláthcheann mór buí, cosúil le caisearbhán. Ní fíorfheochadán é, mar bíonn spíonta an fheochadáin níos righne géire.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBleachtán
Sonchus Cuir in eagar ar Wikidata

bleachtán mín Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
FofhineCichorioideae
GéineasSonchus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Samplaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Sonchus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Slóchtán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.