Is breoiteacht é an slaghdán. Tagann slaghdán ar gach éinne, óg agus aosta, agus breoiteacht an-choitianta is ea é. Bíonn slaghdán trom ar dhaoine, agus slaghdán éadrom ar a thuilleadh acu. Agus slaghdán trom ar dhaoine fanann siad sa leaba uaireanta ar feadh lae nó dó go mbíonn sé curtha tharstu acu. Ní hannamh a bhíonn slaghdán an-leadaránach, go mór mór mura dtógfaí leigheas éigin chun é ruagadh as an gcorp. Is iad comharthaí an tslaghdáin: casachtach, sraothartach agus ciachán. Braitheann duine go dúr marbh ann féin leis, agus b'fhéidir go mbraithfeadh sé teas ina chorp.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSlaghdán
cuir in eagar
Cineálionfhabhtú sa chonair riospráide uachtarach, nasopharyngitis (en) Aistrigh, Picornaviridae infectious disease (en) Aistrigh, acute viral respiratory tract infection (en) Aistrigh, galar sa chonair riospráide uachtarach, viral rhinitis (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisfamily medicine (en) Aistrigh, galair thógálacha agus ota-laraingeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaícasacht, scornach nimhneach, srón fhliuch, fiabhras, tinniteas, srannadh, tinneas cinn, sraoth agus nasal congestion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Tarchur pataigineachtras-seoladh aeriompartha, ionfhabhtú braoiníneach, contact transmission (en) Aistrigh, scaipeadh díreach agus fomite transmission (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CúisRhinovirus, Coronaviridae, Adenoviridae, Human respiratory syncytial virus, Human metapneumovirus, human parainfluenza (en) Aistrigh agus Bocavirus Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10J00 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9460 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPR74 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0137930 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB31088 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000678 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine227820 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKupper-respiratory-infections-coryza Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD003139 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0009443 agus C0086066 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10459 Cuir in eagar ar Wikidata

Gheofá slaghdán as éadach fliuch d'fhágaint ort, nó ó bhróga fliucha, nó as bheith suite in áit ina mbíonn séideán gaoithe. Thógfá é ó dhuine eile, leis, agus go mór mór i dteach nó áit eile go mbíonn a lán daoine bailithe ann. Tá daoine ann agus is fusa gheibhid slaghdán ná daoine eile. Ach má thugann duine an ghnáth-aire dhó féin, agus má chaitheann sé bia folláin, bíonn an-chosaint aige ar shlaghdán.

Cé nach aon drochbhreoiteacht é an slaghdán go coitianta, b'fhearra dhuit uait é dá ainneoin sin féin. Tarraingíonn sé a thuilleadh breoiteachtaí ar dhaoine uaireanta.

Deirtear dá leanthá ag dul ar snámh go dtí go mbeadh sé déanach sa mbliain, nár bhaol duit an slaghdán. Is maith iad deocha teo roimh dul a chodladh dhuit mar leigheas. Is mó cineál deoch a ólann daoine: bainne te, nó bainne te agus im agus oiniúin ann. Is maith é deoch uisce beatha chuige, nó branda, nó deoch líomóide. Bíonn bolg uisce te le do chosa sa leaba go maith chuige, leis. Cuireann tú allas díot leis an dteas, agus is maith sin chun an slaghdán do leigheas.

Tagairtí cuir in eagar