Is éard atá i sliabhraon ná grúpa sléibhte atá le machairí acu ar gach taobh. De ghnáth tá bealaigh agus aibhneacha eatarthu. Ní gá go bhfuil na tréithe geolaíocha céanna ag gach chuid de shliabhraon amháin.

An Cordailléara Lár, i Meiriceá Theas

Sliabhraonta cuir in eagar

Mar shampla, sliabhraon is ea na Cruacha Dubha[1].

Geolaíocht cuir in eagar

Sa gheolaíocht, tugtar sliabhraon (nó cordailléara) ar chnuasach sléibhte (fadaithe de ghnáth) a cruthaíodh mar gheall ar ghluaiseacht phlátaí teicteonach. Cruthaíodh na Himiléithe san Áise nuair a bhuail an pláta Indiach leis an bpláta Áiseach.

Cruthaíonn próisis bolcánacha sléibhte ar leith go minic, ach uaireanta tagann sraitheanna sléibhte de thoradh na próiseas seo atá mar sliabhraonta - na hoileáin Haváíocha, mar shampla.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar