Cuid mhaith os cionn 10,000 réad inbhraite atá i bhfithisí sa spás timpeall an Domhain. Satailítí teileachumarsáide, aimsire is míleata cuid acu, ach is satailítí caite is smionagar satailítí an chuid is mó. I 1970 ní raibh ach 200 réad inbhraite mar sin. Seans go bhfuil na billiúin réad beag do-bhraite thuas i bhfithisí os ár gcionn anois. Cruthaítear tuilleadh réada sna fithisí sin le himbhuailtí ardluais eatarthu. Tá baol ann go millfidh a leithéid d'imbhualadh satailítspásárthach fíorchostasach. Is gá gach iarracht a dhéanamh gan cur leis an mbruscar spáis, agus an smionagar atá ann a ghlanadh suas an oiread agus is féidir.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Smionagar saitilítí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 608.