Modh ársa Síneach chun pian a mhúchadh, cóir leighis ar ghalair áirithe is ea snáthaidpholladh. Glactar go fairsing anois leis ar fud an Domhain. Le húsáid in ionad ainéistéisigh le linn obráidí. Slí amháin chun snáthaidpholladh a dhéanamh is ea snáthaidí tanaí a instealladh faoin gcraiceann ar éigin ag ionaid ar leith de na céadta ionad caighdeánach snáthaidphollta sa cholainn. Tá na hionaid seo sainiúil do gach galar ar leith, ar líonraí néarógacha ar leith, na méaracha coise, na lámha, an aghaidh, is bog na cluaise. Baineann na hionaid seo le hathbhunú na cothromaíochta idir prionsabail an yin is an yang, agus le qi chun é seo a bhaint amach. Rothlaítear na snáthaidí, nó uaireanta ritear sruth leictreach beag tríothu isteach sa cholainn. Ní fios fós cén fáth go múchann snáthaidpholladh pian, ach meastar go spreagann an próiseas soláthar ionoirfiní is einceifilíní sa cholainn.[1]

Snáthaid á bhrúigh i lámh an othair

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Snáthaidpholladh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 610.