Is gléas é soitheach leapan a bhaineann othair atá ag coinneáil na leapa feidhm as chun cac nó mún a chur umpu. Is de mhiotal, gloine nó ábhar somhúnlaithe a dhéantar an soitheach áirithe seo. Is iomaí breoiteacht agus galair a leagan othair ionas nach féidir leo leaba a fhágáil agus dá bharr sin, ní mór feidhm a bhaint as soithí leapan.

Soitheach leapan déanta de chruach

Tá soithí leapan déanta de mhiotal nó gloine ann le fada an lá ach tá cinn nua ann déanta d'ábhair shomhúnlaithe agus atá níos oiriúnaí do chruth agus feidhmeanna an choirp. Bíonn sé níos fusa don othar díchuir iontu. Mar aon le sin clúdaíonn siad baill an othair le nach mbeidh náire orthu agus iad ag díchuir. Is nós é anois go mbainfear feidhm as soitheach leapan uair amháin agus ansin caitear amach é. Déantar seo ar mhaithe le gan galair a scaipeadh.