Is éard is solad dímhorfach ann ná substaint a bhfuil cuma an tsolaid uirthi agus mothú an tsolaid inti, cé nach bhfuil struchtúr criostalach inti. Solad dímhorfach í an ghloine, mar shampla. Tá na solaid dhímhorfacha iseatrópach, is é sin, is ionann a dtréithe fisiceacha ó gach treo. Ar an dóigh seo tá siad cosúil leis na leachtanna. Níl leáphointe cruinn ag na solaid dhímhorfacha, nó is dual dóibh bogadh ó sholad go leacht de réir a chéile má théitear suas iad. D'fhéadfá a rá nach fíorsholaid iad ar aon nós, ach leachtanna a bhfuil a slaodacht chomh hard is go bhfuil mothú an tsolaid iontu.