Ba oibrí cearta sibhialta í Solange Pierre,Sonia Pierre mar a thugtar uirthi de ghnáth (a rugadh sa Phoblacht Dhoiminiceach ar 4 Meitheamh 1963; d'éag 4 Nollaig, 2011). Chaith sí a saol ag troid i gcoinne antihaitianismo, nó naimhdeas do dhaoine de shliocht Háítí sa tír sin. Bronnadh gradaim éagsúla uirthi ar son na hoibre seo.

Infotaula de personaSolange Pierre

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1963
Villa Altagracia, An Phoblacht Dhoiminiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Nollaig 2011
48 bliana d'aois
Villa Altagracia, An Phoblacht Dhoiminiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí ar son chearta an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Sonia Pierre ag International Women of Courage Awards, 2010 sa Roinn Stáit SAM, 3 Márta, 2010

Saol cuir in eagar

Rugadh Pierre sa Phoblacht Dhoiminiceach do thuismitheoirí de shliocht Háítí. Ba dhuine í de dháréag clainne, agus tógadh í i gcampa oibre do inimircigh (Batey), mar a mbíonn cónaí ar chuid mhór den 650,000 duine de shliocht Háítí sa Phoblacht Dhoiminiceach. Solain Pie an t-ainm atá ar a teastas baiste, agus dúirt sí gur botún é seo a rinne cléireach rialtais.

Nuair a bhí sí trí bliana déag d'aois, d'eagraigh sí agóid cúig lá d'oibrithe siúcra i gceann de na Batey, agus gabhadh í dá bharr sin. Ach tugadh cuid mhór poiblíochta don agóid agus géilleadh d'éileamh na n-oibrithe - go bpéinteálfaí a gceathrúna oibre, go dtabharfaí uirlisí níos fearr dóibh agus ardú pá.

Saothar cuir in eagar

Bhíodh Pierre ag obair mar stiúrthóir ar eagraíocht neamh-rialtais darbh ainm Gluaiseacht na mBan Doiminiceach-Háíteach (Mouvement des femmes dominicano-haïtiennes" (MUDHA) (i Spáinnis "El Movimiento de Mujeres Dominico-Haitiana") a bhfuil sé d'aidhm acu deireadh a chur leis an leithcheal i gcoinne daoine de bhunadh Háítí sa Phoblacht Dhoiminiceach

 
Sonia Pierre sa bhliain 2010

Sa bhliain 2005, rinne Pierre achainí ar an gCúirt Idir-Mheiriceánach um Chearta Daonna ar son leanaí de bhunadh Háítí ar séanadh teastais bhreithe Dhoiminiceacha orthu. Yean agus Bosco v. An Phoblacht Dhoiminiceach a tugadh ar an gcás agus glacadh le héileamh na leanaí go ndearnadh éagóir chiníoch orthu ó thaobh náisiúntachta agus saoránachta.

D'ordaigh an Chúirt do Rialtas na Poblachta teastais bhreithe a thabhairt do na leanaí. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Poblachta Doiminicí áfach nach raibh buanchónaí ar bhunadh Háítí sa tír agus nach raibh cearta saoránachta ag na leanaí dá réir sin.[p876wq

Labhair grúpaí cearta daonna amach ina aghaidh seo, ach chuir oifigigh an rialtais an locht ar Pierre mar gheall ar an trioblóid a dhéanadh sí, chaith siad amhras ar a náisiúntacht agus rinne iarracht í a dhíbirt as an tír.

Cailleadh í ar an 4 Nollaig, 2011, tar éis taom croí, is í ar an tslí chun an ospidéil sa Phoblacht Dhoiminiceach.

Gradaim cuir in eagar

Ghnóthaigh Pierre Duais Cearta Daonna Robert F. Kennedy sa bhliain 2006, agus i mí Mhárta 2010 bronnadh an "Women of Courage Award" uirthi i Washington na Stáit Aontaithe.

Ghnóthaigh sí Gradam Cearta Daonna Chiste Ginetta Sagan sa bhliain 2003, agus ainmníodh í féin agus a heagraíocht MUDHA do Dhuais Oideachais Chearta Daonna UNESCO sa bhliain 2002.

Tagairtí cuir in eagar