Solas ina bhfuil aimplitiúid nó pas na toinne laghdaithe (teannta) ar chostas an chinn eile. De réir teorainneacha na teoirice candamaí, is iarmhairt chandamach é nach féidir a mhíniú in optaic chlasaiceach, ach is féidir í a chruthú in iarmhairtí optúla neamhlíneacha áirithe. Thaispeáin Dick Slusher is Bernard Yurke den chéad uair é i 1985, agus is féidir feidhm a bhaint as solas teannta i dtomhais optúla chruinne nuair is gá leibhéil torainn optúil a choinneáil an-íseal.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Solas teannta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 613.