Coincheap de chuid Einstein ina theoiric ghinearálta coibhneasachta, ina bhfuil na 4 thoise den spás-am cuarach. De réir na teoirice seo, nuair atá damhna ann athchumann sé an spás mórthimpeall air, á dhéanamh cuarach. Taispeánadh chomh luath le 1919 go lúbtar gathanna solais a fhorleathann gar do réimse dian imtharraingthe, cosúil le réimse imtharraingthe na Gréine. Glactar an chosúlacht seo chun an iarmhairt seo a shamhlú: má ritear leathán fairsing rubair go cothrománach is má chuirtear ualach trom i lár baill, cruthaítear ísleán sa leathán rubair. Ansin nuair a rolltar liathróid trasna an leatháin, lúbtar rian na liathróide i dtreo an ualaigh. Má bhíonn an t-ualach an-trom gabhtar an liathróid in ísleán an ualaigh, agus timpeallóidh an liathróid an t-ualach roimh thitim isteach air. Ar an modh seo, athchumann is lúbann reanna móra spéire an spás féin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Spás cuarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 616.