Spásas (banna ceoil)
banna ceoil Éireannach
Banna ceoil Éireannach é Spásas atá gníomhach ag féilte éagsúla in Éirinn ón mbliain 2018 i leith. Athair agus mac atá sa bhanna; Marcus Mac Conghail agus Naoise Mac Conghail. Chomh maith le bheith ag cur cló nua ar sheanamhráin agus ag seinm amhráin nua, cruthaíonn Naoise fuaimrianta do dhánta Mharcuis.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Codanna | |
In 2021 d'eisigh siad a gcéad rian agus físeán, ‘What Happens When There is Nothing’, agus ansin d'eisigh siad ‘Ag Fágaint’.