Spite feamainne

coincheap socheolaíochta agus frása Gaeilge

Coincheap socheolaíochta agus rá Gaeilge é spite feamainne (spaidht feamainne uaireanta) - a bhaineann le troid idir beirt sa gcás go dtéann duine amháin isteach le feamainn a bhaint ar ‘straidhp’ nó píosa talún atá fágtha go traidisiúnta ag duine eile, nó ag a gclann. Is éard atá ann ná an t-aighneas idir comharsana a d’eascair ó dhuine acu feamainn a bhaint ar straidhp an duine eile. San aimsir a caitheadh, b’uafásach an choir le déanamh é, nach raibh glacadh ar bith ag an bpobal leis, arbh ionann é agus gadaíocht ó do chomharsan. Bheadh sé ar chomhchéim le colg an Bull McCabe i ndráma cáiliúil John B. Keane, ‘The Field’. Le Conamara a bhaineann an focal go háirithe.

Sa lá atá inniu ann úsáidtear an nath cainte maidir le daoine a bhfuil achrann binibeach eatarthu.[1]

Stádas Dlíthiúil na Feamainne cuir in eagar

Tá na cearta maidir le saothrú ón chladach leagtha síos san Acht Úrthrá 1933 agus achtanna a tháinig ina dhiaidh. Go bunúsach, is leis an Stát gach a bhfuil ar an gcladach munar féidir úinéireacht phríobháideach a chruthú agus más mian le duine ábhar a bhaint ón gcladach caithfear ceadúnas a fháil chuige sin.

Eolas Eile cuir in eagar

Sa bhliain 2021, bhunaigh TG4 ceann dá míreanna aitheantais ar an nath cainte seo.

Is minic “bíodh an fheamainn aige” mar mhallacht ar dhuine le cloisteáil.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Joint Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs debate - Wednesday, 14 Dec 2016" (2016-12-14). Dáta rochtana: 2022-10-07. “...deireann daoine áirithe liom timpeall ar an rud ar fad go bhfuil beagáinín spite feamainne, mar a deirtear i nGaeilge, idir an chomhairle contae agus rudaí atá ag tarlú ar an gcé...”