Sraithmharfóir
Is éard is sraithmharfóir (nó dúnmharfóir srathach) ann ná duine a bhfuil triúr daoine, ar a laghad, maraithe aige ar mhaithe le sult agus sásamh síceolaíoch, agus tréimhse sách fada scíthe idir gach dhá dhúnmharú. Is é sin, bíonn sé ag marú duine i ndiaidh duine go tráthrialta.
Sainmhíniú cuir in eagar
Bíonn neamhord frithshóisialta pearsantachta de chineál éigin ag luí ar na sraithmharfóirí go léir, ach má bhíonn féin, is annamh is féidir síceapaite i gciall cheart an téarma a chur ina leith. Ní bhíonn siad ina síocóisigh, áfach - is é sin, ní aithneofá ar dhuine acu gur "fear buile" atá agat ansin. A mhalairt ar fad, is féidir leo "púicín na slánchéille" a chur orthu féin.
Is minic a bhaineann siad sult collaí de chineál éigin as a gcuid gníomhartha. De ghnáth, is féidir scéim éigin a aithint ar na dúnmharuithe a dhéanann an sraithmharfóir - bíonn na híobartaigh cosúil le chéile, nó tugann an ciontóir an íde chéanna do gach corpán, mar shampla.
Dealraíonn sé gur cumadh an focal féin "sraithmharfóir" (Béarla: serial killer) thiar sna seachtóidí, nuair a bhí sraithmharfóirí míchlúiteacha cosúil le Ted Bundy agus David Berkowitz i mbéal an phobail. Is dócha gur gníomhaire de chuid an FBI a cheap an téarma - b'fhéidir Robert Ressler, a bhí sáite ina lán fiosruithe faoi shraithmharfóirí, go háirithe cásanna Jeffrey Dahmer agus Richard Chase.
Is gá an difríocht a aithint idir an sraithmharfóir agus an sluamharfóir (nó an spraoimharfóir) ná go maraíonn an sraithmharfóir a chuid íobartach ina nduine agus ina nduine, de ghnáth, leis an dúil a shásamh agus go gcaithfidh sé scíth a ligean idir na hócáidí. An spraoimharfóir, arís, tá sé ag dul le dúchas ag marú daoine roimhe gan scíth ar bith a bheith ag teastáil uaidh.
Sraithmharfóirí ar chuala an saol mór iomrá orthu cuir in eagar
- Jack the Ripper, a thugtar ar shraithdhúnmharfóir nár gabhadh riamh a bhí gníomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar Whitechapel, Londain sa bhliain 1888.
- David Berkowitz - Son of Sam. Bhíodh sé ag géarleanúint lánúineacha óga i Nua-Eabhrac sna seachtóidí, agus mharaigh sé seisear - an chuid eile acu siúd ar lámhach sé leo, tháinig siad beo as an drocháit. Tá sé i dtóin an phríosúin ón mbliain 1977 anuas.
- Ted Bundy - mharaigh sé mná óga sna Stáit Aontaithe sna blianta 1974-78. Ba nós leis a chuid íobartach a éigniú is a thachtadh. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1989.
- John Wayne Gacy - "An Bobaide Marfach". Chuireadh sé éadaí an bhobaide air féin leis na páistí a ghiúmaráil. Le fírinne, ba nós leis páistí agus fir óga a éigniú agus a mharú. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1994.
- Luis Garavito - sraithmharfóir agus éigneoir péidifileach ón gColóim.
- Karla Homolka agus Paul Bernardo - lánúin óg Cheanadach a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúr Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.
- Lenny Murphy - ceann feadhna "Bhúistéirí na Seanchille" a bhí ag rith damhsa i dTuaisceart Éireann sna seachtóidí. Cé go raibh cuma an fhoréigin sheictigh ar dhúnmharuithe na droinge, dealraíonn sé gur sraithmharfóireacht a bhí i gceist i ndiaidh an iomláin.
- Tsutomu Miyazaki - "An Dúnmharfóir Otaku". Sraithmharfóir Seapánach a mharaigh agus a éignigh corpáin 4 chailín idir bhiliain 1988 agus 1989.
- Sawney Bean - Sraithmharfóir finscéalach Albanach agus cannibal a deirtear a dhúnmharaigh os cionn 1 mhíle duine in éineacht lena chlann.
- Billy Wright - i dTuaisceart Éireann sna 1990idí.