Staidéar ar chórais rialaithe is braite atá bunaithe ar shreabháin ag sreabhadh. I measc na bhfeistí atá ar fáil, tá aimplitheoirí sreabhánacha ina modhnaíonn sreabhadh beag sreabhadh mór eile, ciorcaid loighce is lasca. Ní bhíonn aon pháirteanna soladacha inghluaiste sna feistí seo, bíonn siad láidir, agus ní bhíonn aon bhaol leictreach leo. Sampla is ea an comhla cuilithe sreabhánach, ina mbionn sruth rialaithe a athraíonn an príomhshreabhadh trí chuilithe a chruthú. Baintear feidhm as seo i gcórais caidéalaithe sa tionscal núicléach chun fuíoll radaighníomhach a chaidéalú, agus i mianadóireacht chun draoib scríobach a chaidéalú.[1]

Aimplitheoir sreabhánaice

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sreabhánaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 622.