Is é is brí le stair na Gearmáine ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Gearmáine fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.

Réamhstair cuir in eagar

Téann an fhianaise is sine dá bhfuil le fáil taobh istigh de chríocha na Gearmáine inniu timpeall is seacht gcéad míle bliain siar. Glactar leis gur bunaíodh an chéad bhuanáitreabh corradh is cúig chéad míle bliain ó sin. Tá an Néandartálach ainmnithe as an ngleann úd Neandertal i Mettmann idir Wuppertal agus Düsseldorf, ós ansin a fuarthas na chéad iarsmaí den chineál seo duine. Tríocha míle nó dhá scór míle bliain ó sin, áfach, chúlaigh na Néandartálaigh ó dheas le teacht slán ón aimsir a bhí ag dul i bhfuacht - murab ea gurbh éigean dóibh glanadh leo roimh theacht an duine nua-aimseartha, Homo sapiens sapiens. I dtréimhse dheireanach na oighearaoise, d'iompaigh an Ghearmáin ina tundra, agus shroich leac oighir an Phoil Thuaidh síos go tuaisceart Niedersachsen. Mar sin, creidtear go raibh an tír bánaithe ar fad i lár na tréimhse Aurignacien, agus níor tháinig mórán áitribh ar an bhfód roimh dheireadh na clochaoise pailéilití. Sa chlochaois neoiliteach a d'fhorbair an talmhaíocht, agus thosaigh an beostoc ag éirí coitianta. Shocraigh na daoine síos agus d'éirigh siad as an bhfánaíocht. Tá roinnt bheag iarsmaí fánacha fágtha ón tréimhse seo. Is í an fhionnachtain is suimiúla acu go léir ná "diosca spéire Nebra". Is éard atá ann ná diosca miotail a bhfuil pictiúr órga de réaltaí na spéire air. Tugann an deismireán cré-umhaoisiúil le fios go raibh réalteolaíocht phrimitíbheach nó astralaíocht de chineál éigin á cleachtadh anseo chomh luath le dhá mhíle bliain roimh bhreith Chríost.

Conas a tháinig na Gearmánaigh chun saoil cuir in eagar

Sa chlochaois neoiliteach agus sa chré-umhaois, shocraigh daoine ó chultúr na potadóireachta línithe, chultúr na potadóireachta cordaithe agus chultúr an eascra síos san áit a bhfuil an Ghearmáin inniu. De réir a chéile a d'fhorbair treibheacha éagsúla a raibh teangacha Ind-Eorpacha á labhairt acu. Tháinig na treibheacha seo ar an bhfód de thoradh an dóigh a raibh an mhuintir isteach agus na bundúchasaigh á meascadh trí chéile. Bhaist údair na sean-Róimhe "Gearmánaigh" ar cheann de na treibheanna seo. Thairis sin, bhí idir Cheiltigh agus Shlavaigh ann, chomh maith le "bloc an Iarthuaiscirt" - is é sin, treibheacha Ind-Eorpacha nach raibh inaicmithe in aon cheann den trí phríomhghrúpa sin. Chuaigh "bloc an Iarthuaiscirt" leis an nGearmánachas ó thaobh na teanga de timpeall ar bhreith Chríost.

Nuair a bhí Impireacht na Sean-Róimhe ina neart, chuir coilínithe Rómhánacha fúthu san áit a bhfuil deisceart agus iarthar na Gearmáine inniu. Bhí saighdiúirí Rómhánacha i seilbh na dtailte timpeall ar an Danóib agus ar an Réin, agus tháinig na saighdiúirí seo ó gach cearn den Impireacht mhór. I ndiaidh Imirce Mhór na Náisiún, d'fhan iarsmaí na náisiún sin uile anseo agus ansiúd sna réigiúin ina bhfuil an Ghearmáin suite inniu.

I mblianta na hImirce Móire, thréig na treibheacha Gearmánacha na tailte taobh thoir den Eilbe, agus chuir na Slavaigh fúthu ansin ina ndiaidh. Nuair a thosaigh na Gearmánaigh ag coilíniú an Oirthir, ón 11ú haois i leith, chuaigh a dteanga in úsáid sna réigiúin sin arís, agus rinneadh cuid d'Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh (an "Chéad Reich") díobh arís.

As na dreamanna seo go léir a fáisceadh an náisiún Gearmánach. Bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh ag labhairt Gearmáinise riamh (cé gur mhair cuid mhór de mhuintir an Oirthir ag labhairt canúintí Slavacha ar feadh i bhfad, fiú nuair a dhearc siad orthu féin mar Ghearmánaigh). San am chéanna, d'fhág cultúr na Róimhe an-lorg ar an nGearmáin ó thús báire.

Seanársaíocht cuir in eagar

Roimh theacht na Críostaíochta, rinne scríbhneoirí Gréagacha agus Rómhánacha tagairtí do na treibheacha Ceilteacha agus Gearmánacha ó am go ham. Timpeall na bliana 500 RC bhí na Ceiltigh ina gcónaí i ndeisceart na Gearmáine agus na treibheacha a raibh canúintí Gearmáinice á labhairt acu sa tuaisceart. I rith na gcéadta bliain tháinig na Gearmánaigh ó dheas (nó ghlac na Ceiltigh leis an teanga uathu), agus faoin am ar rugadh Críost ba í an Danóib an teorainn, a bheag nó a mhór, idir Ceiltigh agus Gearmánaigh. San am seo, tháinig focail iasachta ón gCeiltis go dtí an Ghearmáinic, go háirithe ainmneacha áiteanna agus aibhneacha.

Ón mbliain 58 RC go dtí an bhliain 455 AD (a bheag nó a mhór), bhí Impireacht na Róimhe i seilbh na dtailte taobh thiar den Réin agus taobh theas den Danóib, agus iad á rialú mar phroibhinsí Rómhánacha. Sna blianta 80-260 AD, bhí na Rómhánaigh i gceannas ar chuid de Hessen (Wetterau) agus ar an gcuid is mó de Baden-Württemberg taobh theas den Limes (teorainn dhaingnithe Impireacht na Róimhe in éadan na dtreibheacha Gearmánacha. Na codanna de Ghearmáin an lae inniu a bhí sealbhaithe ag Impireacht na Róimhe san am sin, bhí siad roinnte idir trí phroibhinse Rómhánacha: Germania Superior, Germania Inferior, agus Raetia. Bhunaigh na Rómhánaigh cathracha sa chuid den Ghearmáin a bhí acu: Trier (Augusta Treverorum), Köln (Colonia Agrippina), Bonn (Bonna), Worms (Borbetomagus) agus Augsburg (Augusta Vindelicorum). Áirítear na cathracha seo ar na cathracha is sine i nGearmáin an lae inniu. Faoi cheannas na Rómhánach, tháinig cuma nua ar an bhfoirgneoireacht agus ar na ceirdeanna, agus tionchar ag a gcuid nuálacha ar shaol an lae inniu féin. Leis na teorainneacha a chosaint, chuir na Rómhánaigh treibheacha cairdiúla Gearmánacha ina gcónaí sna proibhinsí. Tháinig daoine ón Iodáil féin le lonnú sa chuid Rómhánach den Ghearmáin. Sa bhliain 98, bhreac an scríbhneoir Rómhánach Tacitus síos stair na Gearmáine mar a thuig na Rómhánaigh í. Ba í Germania le Tacitus an chéad saothar litríochta inar cardáladh an t-ábhar seo ar aon nós.

An Mheánaois cuir in eagar

An Mheánaois Luath cuir in eagar

Bhí a lán treibheacha Gearmánacha ag tabhairt aghaidhe ar an Deisceart ón gcéad aois AD i leith, ach nuair a tháinig na Hunaigh sa bhliain 375, thosaigh Imirce Mhór na Náisiún, an Völkerwanderung, i gceart. Shroich an imirce seo a buaicphointe sa chúigiú haois, agus sa bhliain 476, thit an tóin as Impireacht na Róimhe Thiar faoi bhrú na dtreibheacha Gearmánacha. Chuaigh cuid mhór treibheacha Gearmánacha a fhad le Deisceart na hEorpa agus Tuaisceart na hAfraice. D'fhág siad tailte folmha ina ndiaidh, agus tháinig na Slavaigh in áit na nGearmánach. Taobh thoir den Eilbe, bhí canúintí Slavacha á labhairt chomh forleathan sa Mheánaois agus gur bhaist na staraithe Germania Slavica ar an gcuid seo den Ghearmáin. Is dóigh leis na teangeolaithe go bhfuil sloinne Slavach ar dhuine as gach triúr Gearmánach inniu.

Ba í ríocht na bhFranc a d'fhorghabh an chuid ba mhó d'Iarthar is de Lár na hEorpa sa séú haois, agus iarthuaisceart na Gearmáine á rialú ag na Sacsanaigh.

Faoi cheannas Shéarlais Mhóir, d'aontaigh na Frainc Iarthar Lár na hEorpa in aon ríocht amháin a shroich ón Aigéan Atlantach a fhad le Muir Bhailt agus leis na hAlpa. Nuair a fuair Séarlas Mór bás, roinneadh an ríocht ina trí chuid de réir Chonradh Verdun sa bhliain 843. Ba í Ríocht na bhFranc Thiar síol na Fraince, agus baint ag Ríocht na Fraince Thoir le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh.

I ndiaidh chríochdheighilt na bliana 843, thosaigh Ríocht na bhFranc ag titim as a chéile. Bhí Laoiseach Cráifeach (Gearmáinis: Ludwig der Fromme, Fraincis: Louis le Pieux), mac Shéarlais, in ann an stát a choinneáil le chéile go fóill. Cheap Laoiseach an mac ba sine aige, Lotár, mar ríchomharba. Fuair Lotár an chuid lárnach den ríocht, chomh maith le céimíocht an Impire. Fágadh Laoiseach Gearmánach an t-oirthear, agus tugadh an t-iarthar do Shéarlas Maol. Nuair a fuair clann mhac Lotáir bás, roinn Séarlas agus Laoiseach lárchuid na himpireachta eatarthu. I ndiaidh bhás Laoisigh sa bhliain 876, arís, roinn a chlann mhac féin ríocht an oirthir ina trí chuid eatarthu.

An Mheánaois Ard cuir in eagar

Deireadh na Meánaoise cuir in eagar

Tús na Nua-Aoise cuir in eagar

"An Aois Fhada" - an Naoú hAois Déag cuir in eagar

Poblacht Weimar cuir in eagar

Príomhalt: Poblacht Weimar

An Naitsíochas agus an Dara Cogadh Domhanda cuir in eagar

Príomhailt: Naitsíochas, An Dara Cogadh Domhanda

An Fhorghabháil cuir in eagar

Poblacht Chónasctha na Gearmáine (1949-1990) cuir in eagar

Daonphoblacht na Gearmáine (1949-1990) cuir in eagar

An Phoblacht Chónasctha ón mbliain 1990 ar aghaidh cuir in eagar